A chara, is é Íosa do Shlánaitheoir, an té a fuair bás ar do shon ar an gcros. Mac grá Dé é, agus trí Íosa, tá slánú agus beatha shíoraí againn.
Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí é, agus d’fhulaing sé ar son do pheacaí. Ba mhaith leis go dtiocfá níos gaire dó gach lá, go mbeadh aithne agat air agus go labhrófá leis.
Is mian le hÍosa a bheith i do chara is fearr. Is chomh mór sin an grá atá aige duit gur roghnaigh sé bás a fháil chun tú a shábháil. Deirtear i (Lúcás 19:10) gur tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a chuardach agus a shábháil.
Trí Íosa amháin is féidir linn an tslánú agus an bheatha shíoraí a bhaint amach, agus a bheith saor ó chuing na daoirse sa saol gearr seo. Mar a deirtear i (Gníomhartha 4:12), níl slánú in aon duine eile, mar níl aon ainm eile faoin spéir tugtha do dhaoine, trínar féidir linn a bheith slán.
Canuidhsi don TIGHEARNA, moluidh an TIGHEARNA: óir do sháor sé anum an bhoichd ó láimh luchd déanta a nuilc.
Ar mo shonsa, éighfe mé chum Dé; agus sáorfa an TIGHEARNA mé.
Tráthnóna, agus air maidin, agus san meadhon laói, do dhéana mé urnaigh, agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh seision mo ghuth.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú.
Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire.
An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.
Agus sáorfa an Tíghearna mé ó gach uíle dhrochobair, agus comhéudfuidh mé chum a ríoghachda neamhdha féin: glóir dhósan go saóghal na sáoghal. Amén.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah.
Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
Leanaidh manam don luáithreadh: béoghuidh mé do réir do bhréithre.
Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé: teagaisg do reachta dhamh.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.
Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun.
Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich.
Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó.
A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Lingidh a steach ann a gheatuighibh maille ré tabhairt buidheachuis, iona chúirtibh lé moladh: molaidh é, agus beannuigh a ainm.
Bithí láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh roimhe righe na Hassíria, ar son a bhtuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis:
Lámh fhéola atá leission; acht atá ar TTIGHEARNA Dia linne chum cuidiughadh linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal aír bhríathruibh Heseciah rígh Iúdah.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda,
Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.
Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA: agus mo íonathar uile, a ainm náomhtha.
Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn.
Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla.
Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne.
Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.
Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn.
Atáid láethe an duine, mar an bhféur; mar bhláth an mhagha, is marsin bhías ag bláthughadh.
Oir téid an gháoth thairis, agus ní bhfuil sé ann; agus ní aitheonuidh a ionad féin é ó sin amach.
Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac;
Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh.
Do shuighidh an TIGHEARNA a chathaóir ríogha ar neamh; agus atá a rioghacht ag ríaghlughadh ós cionn a nuile.
Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile:
Sé an Día síorruidhe do áit dídin, agus faói shíos atá slúagh síorruidhe: agus tiomáinfidh sé amach an námhuid romhad; agus déara sé, Marbh íad.
Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.
Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán.
Leanaidh manam go dlú ort: connmhann do lamh dheas súas mé.
Is é do mholadh é, agus sé do Dhía é, nóch do rinne na neithe móra uathbhásachso dhuit, do chonncadar do shuile.
Moluidhsi an TIGHEARNA: óir is maith sailm do chanadh dár Ndía; óir is dathamhuil; agus is aóibhinn a mholadh.
Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth.
Ní bhfuil éainneach náomhtha mar an TTIGHEARNA: óir ní bhfuil ann achd thusa: agus ní bhfuil carruig ar bith mar ar Ndíanne.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Ar a nadhbharsin atá tú mór, a THIGHEARNA Día: agus ní bhfuil áon cosmhuil riot ann, agus ní bhfuil Día ann táobh amuigh dhíotsa, do réir gach a ccúalamar rer gclúasaibh.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Cred fa tteilgthear sios thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.
Agus ar bhfagháil na háithne sin dósan, do theilg sé íad ann sá phríosún dob fhaide a steach, agus do dhaingnígh sé a gcosa a gceap.
Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadhmholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad.
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.
Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.
Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Eist mo chomhairc, a Dhé; tabhair aire dom ghuidhe.
O théorannuibh na talmhan eighfiod chugadsa, a núair bhíos mo chroidhe fa thuirse: tréoruigh mé chum na cairge is áirde na mé.
Oír do bhí tú ad fhasgadh ágam, ad thor láidir ó aghaidh na namhad.
Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile:
Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid.
Thug tú a steach san líon sinn; do chuir tú cumhgach air ar leasrachaibh.
Thug tú air dháoinibh marcuigheachd do dhéanamh air ar gceann; do chuamar thríd theine agus uisge: achd do thugaisse amach sinn go hionad shaídhbhir.
Rachad a steach ann do thigh re hiodhbarthaibh loisge: coimhlíonfad duitsi mo mhóide,
Noch do admhuigh mo phuisíne, agus do labhair mo bhéul, a nuáir do bhí amhgar oram.
Iodhbartha loisge méithealluigh toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh; do dhéan na daimh réidh, agus na gabhair fhirionna. Selah.
Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma.
Chuigesion do ghoireas rem bhéul, agus do hárdughadh é rem theangaidh.
Má chím urchoid am chroidhe, ní chluinfidh an TIGHEARNA:
Acht go deimhin do chúalaidh Día mé; thug sé aire do ghuth murnaigh.
Canuidh re salmhuibh glóir a anma: tabhraidh glóir dhá mholadh.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
Atá a chroidhe diongmhálta, ní bhiáidh eagla air, nó go bhfacaidh a mhían ar lucht a bhuaidheartha.
Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh.
Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.
A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.
Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?
Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.
Coimhlíonfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile.
Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh.
A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe.
Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirfios mé.
Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile,
A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TlGHEARNA.
Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
As na haigéanaibh déigh mé ortsa, a THIGHEARNA.
A THIGHEARNA, cluin mo ghuth: bídís do chlúasa aireach chum gotha mo ghearáin.
A TIGHEARNA, is tú mo Dhía; áirdeochuidh mé thú, molfa mé hainm; óir do rinne tú neithe iongantacha; síad do chomhairligh ón tseanaimsir ionnracus agus fírinne.
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása.
Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Agus an tan do rinne sé comhairle ris an bpobal, dórduigh sé aos ceóil don TIGHEARNA, agus do mholfadh sciamh na naomhthachda, a núair do rachaidís amach as coinne an tsloígh, agus a rádh, Moluidh an TIGHEARNA; oír maíridh a thrócaire go bráth.
¶ Agus an tan do thosuigheadar an ceól agus an moladh, do chuir an TIGHEARNA lúigheachaín a naghaidh chloinne Ammon, Mhoab, agus shléibhe Seir, noch thainic a naghaidh Iúdah; agus do buaileadh íad.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.
A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach?
Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair.
Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid;
Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.
Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.