Foillsighidhsi a measc na ngeinteadh, agus fúagruidh, agus cuiridh bratach súas; fúagruidh, agus ná ceilidh: abruidh, Do gabhadh an Bhabilóin, do claóidheadh Bel, do briseádh Merodach na blodhuibh; do milleadh a hiodhuil, do briseadh a hiomháighe na mblodhuibh.
Anois a núair do críochnuigheadh so uile, do chuáidh a nuile dhuine Disrael dá raibh a lathair amach go caithreachaibh Iúdah, agus do bhrisiodar na hiomháighe na mblodhuibh, agus do gheárradar síos na garráin, agus do theilgeadar seachad na háite árda agus na haltora amach as Iúdah agus as Beniamin, ann Ephraim fós agus a Manasseh, no gur scriosadar go hiomlán íad. Annsin dfilleadar clann Israel uile, gach áon dá sheilbh féin, ann a ccaithreachaibh féin.
Agus scríosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur níomhaighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur niodhal, agus fuaitheochuidh manam sibh.
Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.
Mar do rinne misi re Sámaria agus re na hiodhalaibh, mar sin nach déana mé, re Ierusalem agus re na hiodhaluibh?
Agus ní fhéuchfa sé air na haltóruibh, oibreacha a lámh, ní mó bhías meas aige air áoinní dá ndeáruadar a mhéir, na garráin, ná na híomháighe.
Ann sin imeochuid caithreacha Iúdah agus áitreabhthacha Ierúsalem, agus éighfid ar na déeibh dá nofráluid túis: achd ní chuimhdeochuid síad íad ar áonchor a naimsir a ndonuis.
Ar a nadhbharsin do dhóirt misi mo dhioghaltas orra ar son na fola do dhóirteadar air an bhfearann, agus ar son a niodhail ler thruáilleadar é:
Agus scriosfaidh tusa a nuile phobal thoirbheorus an TIGHEARNA do Dhía dhuit; ní bhía trúaighe ag do shúil dóibh: ní mó dhéanas tú serbhís da ndéeibh; óir bíaidh sin mar dhul ort féin.
Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe.
Mar sin do chuáidh mé a steach agus dféuch mé; agus do chonnáirc mé cuma gach uile neithe shnáidhios, agus bheathach nadhfhuathmhar, agus uile iodhail thighe Israel, ar na ttarruing air an mballa timchioll fá ccuáirt.
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dóirteadh do shalchar amach, agus gur foillsigheadh do thárnochtuighthe do bhrígh do stríopachuis led háos grádha, agus re huile iodhaluibh do ghráineamhlachda, agus le fuil do chloinne noch thug tú dhóibhsion;
Do chuireadar ríghthe súas, acht ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsadha, agus ní raibh a fhios agamsa: do rinneadar iodhal dóibh féin dá nairgiod agus dá nór, chor go ngeárrfuidhe amach íad.
¶ Thairis sin is misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte, agus ní bhiáidh fios día ar bith agad acht misi: óir ni bhfuil slanaightheoir táobh amuigh dhíomsa.
Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.
Agus do scrios sé ná sodomitígh amach as an bhfearann, agus do áthruigh sé na hiodhuil uile noch do rinneadar a aithreadh.
Oír do theilg sé seachad altóra na ndée ccoimhitheach, agus na haite árda agus do bhris sé síos na híomháighé, agus do ghearr síos na garráin:
Agus thug sé amach an garrán ó thigh an TIGHEARNA, taobh amuich do Ierusalem, go habhuinn Cídron, agus do loisg ag abhuinn Cídron é, agus do rinne lúaithreadh dhe, agus do chaith an lúaithreadh ar uáighibh chloinne an phobail.
Léirscriosfuidh sibh a nuile áit, a ndearnadar na cineadhacha noch shealbhochthaoi serbhís da ndéeibh, ar na sléibhtibh árda, agus ar na enocuibh, agus faói gach éanchrann ghlas: ¶ A nuair fhairseongas an TIGHEARNA do Dhía do théora, mar do gheall sé dhuit, agus déara tusa, Iosa mé feóil, (do chionn go bhfuil fonn féola ar hanum); is féidir leachd féoil díthe, gidh bé ar bith a mbiáidh dúil ag hanam ann. Má bhíonn a náit do thogh an TIGHEARNA do chur a anma féin ann, a bhfad úait, annsin muirfidh tú dot ealbha agus dot thréud, noch thug an TIGHEARNA dhuit, mar do aithin misi dhíot, agus íosa tú ann do dhoirsibh féin gidh bé ní iona mbía dúil ag hanum. Amhuil ithtear an fíadh fionn agus an fíadh rúadh, mar sin íosas tusa iad: ionnan íosas an neamhghlan agus an glan díobh. Achd amháin bí deimhin nach iósa tú a nfuil: óir isí a nfuil an tanum; agus ní cóir dhuitsi an tanum dithe maille ris an bhfeóil. Ní íósa tú í; dóirtfidh tú í ar an ttalumh amhuil uisge. Ní iosa tú í; chor go rachuidh go maith dhuit, agus dot chloinn ad dhiáigh, a nuáir do dhéana tú an ní is cóir a radharc an TIGHEARNA. ¶ Amháin na neithe náomhtha bhías agad, agus do mhóide, do bhéura tú leachd íad, agus racha tú san náit thoighfeas an TIGHEARNA: Agus íodhboruidh tú hofráil loisge, an nfeóil agus an nfuil, ar altóir an TIGHEARNA do Dhía: agus dóirtfighear fuil hiodhbartha amach ar altóir an TIGHEARNA do Dhía, agus iosa tú an nfeóil. Coimhéud agus cluinn na briathraso uile noch aithnighimsi dhíot, chor go rachuidh go maith dhuit, agus dot chloinn ad dhíáigh go bráth, a núair dhéanas tú an ní is maith agus is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. ¶ A núair ghearrfas an TIGHEARNA do Dhía na cineadhacha sin amach romhad, mar a racha tú dá sealbhughadh, agus go ngéabha tusa a náit, agus go náitreabhaigh tú iona ndúithche; Agus scriosfuidhe síos a naltóra, agus brisfidhe a bpileiri, agus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh; agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhalta a ndée, agus scriosfuidhe a nanmanna amach as a náit sin.
Achd a dubhairt mé re na ccloinn annsa bhfásach, Ná siubhluighidhsi a reachtaibh bhur naithreadh, agus ná cumhduighthi a mbreitheamhnuis, agus ná salchuidh sibh féin le na niodhaluibh:
¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.
Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfigh sibh a niómháighe, agus gearrfuidh sibh síos a ngarraín:
Acht muna ndéarna, bíodh a fhios agadsa, a rígh, nach déanam seirbhis dot dhéeibhsi, ní mó aidheoram a niomháigh órdha do chuir tú súas.
A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
Atá a fhios aguibh go rabhabhair bhur Gcineadhachaibh, ar bhur dtarruing go hiodhaluibh balbha, do réir mar do treóruigheadh sibh.
Agus do shuighidh sé íamháigh ghrábhálta don gharrán do rinne sé annsa tigh, a ttaóibh a ndubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi, agus re Solamh a mhac, Annsa tighsi, agus ann Ierusalem, noch do thogh mé as treabhuibh Israel uile, chuirfios mé mainm go bráth:
Annsin do chuir Solamh ionad árd súas do Chémos, gráineamhlachd Mhoab, annsa chnoc atá as coinne Ierusalem, agus do Mhólech, gráineamhlachd chloinne Ammon.
An tionad ar bhrostuigheabhair misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile a ccrích na Hégipte, mar a ndeachabhair do chomhnuidhe, chor go ngéarrfaidh sibh amach, agus go mbeith sibh mar mhallughadh agus mar scannail a measc uile chineadhach an domhuin?
Oir do shiubhail sé a slighthibh ríogh Israel, agus do rinne mar an cceadna iomháighe leaghtha do Bhaalim.
Ar mo shon féin, ar mo shon féin, do dhéana mé é: óir ciondus do thruaillfidhe mainm? agus ní thiubhrad mo ghlóir do neach oile.
Agus a nuáir do bhris sé siós na haltóra agus na garráin, agus a nuáir do bhrúigh sé na hiomhaighe grabhalta na luaithreadh, agus do ghearr siós na hiodhail óile ar feadh chríche Israel eile, dfill sé go Hierusalem.
Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeochíodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.
Agus brisfighear a híomháighe greanta uile a mbloghuibh, agus loisgfighear le teine a tuillmhigh uile, agus leagfa mé a hiodhail uile áonránach: oir do chruinnigh sí íad do thuilleamh meirdrighe, agus fillfid chum tuillmhe meirdrighe.
¶ Do atharruidh sé na háite árda, agus do bhris sé na híomháighe, agus do ghearr sé sios na garraín, agus do bhris na codchannaibh a naithir nimhe phráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ghoir sé Nehustan di.
Oír annsa ló sin teilgfidh gach nduine hadh a iodhail airgid, agus a iodhail óir, noch do rinneadar bhur lámha féin díbh mar pheacadh.
¶ Agus an tan do chúala Asa na briathrasó, agus tairghire Oded an fáigh, do ghabh meanma é, agus do theilg sé seachad na hiodhail adhfhuathmhara as crích Iúdah agus Bheniamin uile, agus as na caithreacaibh do ghabh se do shlíabh Ephraim, agus do athnúaghuidh sé altóir an TIGHEARNA, do bhí roimhe poirse an TIGHEARNA.
Fillfíghthear ar a nais íad, biáidh náire mhór air an droing, dhóthchusuighios a níomháighibh ghreanta, noch a deir ris na híomháighibh leaghtha, Is sibh ar ndée.
Biáidh náire orra, agus fós béid claóite uile: rachuid a neimhní go léir lucht déanta na niodhal.
Acht cáit a bhfuilid do dhée do rinne tú dhuit féin? éirghedís, má fhéaduid dot thártháil a nam do bhuáidheartha: óir is do réir uibhre do chaithreach atáid do dhée, a Iúdah.
Is bhrúideamhuil gach uile dhuine íona éolus féin: do claóidheadh gach uile chumadóir ann a íomháigh ghreanta: óir is neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil ánal ar bith ionnta.
Ní cháomhnochaidh Assur sinn; ní dhéanam marcuigheacht air eachaibh: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar lámh, Is sibhsi ar ndéne: óir is ionnadsa do gheibh an dílleachda trócaire.
Acht diomchrabhair tabernacuil bhur Moloch agus Chiun bhur níomháighe, réult bhur ndé, noch do rinneabhair dhíbh féin.
¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha;
An ngadfuidhe, an muirfidhe, a ndéantaói adhaltrannas, agus mionna bréige do thabhairt, agus túis do losgadh do Bhaal, agus imtheacht a ndiáigh dée oile nach feas díbh;
Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse. Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
¶ An drong do ní íomháighe ghreanta atáid uile na ndiomháioneas, agus ní thairbheochuid a neithe dúileamhla; agus a síad féin a bhfíadhuin; ní fhaicid síad, agus ní bhfuil a fhios aca; ar chor go mbía náire orra.
Claonuidh Bel síos, cromaidh Nebo, do bhádar a niodhala ar a mbeathachaibh, agus ar a náirnéis: do bhádar úaluidhe troma ar bhur ccaráiste; is muirighin íad don bheathach choirthe.
Marso a deir an TIGHEARNA, Cred an téagceart fúaradar bhur naithre ionnamsa, as ar imthigheadar a bhfad úaim, agus ar shiúbhladar ar lorg díomhaóinis, agus as a ndéarnadh diomhaoin íad?
Féuch gúth chomhairc inghine mo dhaoine do bhrígh na muinntire áitreahhus a ttir imchéin: Nach bhfuil an TIGHEARNA ann Sion? nach bhfuil a rígh inte? Cred as ar bhrostuigheadar misi chum feirge le na níomháighibh greanta, agus le díomhaóineasuibh coimhthigheacha?
Oír atáid gnátha an phobail díomhaóin: óir gearruidh aon amach crann as an bhforaois, obair lámh a noibrighe, leis an ttuáigh. Maisighid é le hairgiod agus le hór; ceangluid síad é le tairngibh agus le geannairibh, go nach corruighionn sé. Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.
Agus béid bhur naltóra áonranach, agus béid bhur níomháighthe briste: agus teilgfidh me síos bhur mairbh as coinne bhur niodhal.
Ann bhur nuile áitíbh comhnuidhe do dhéantar na caithreacha na bhfásach, agus béid na háite árda uáigneach; iondus go mbéid bhur naltóracha na bhfásach agus uáigneach, agus go mbrisfighear bhur niodhail agus go scuirfid, agus go ngearrfuighear síos bhur níomháighthe, agus go ccuirfighear ar ccúl bhur noibreacha.
¶ Uimesin abair ré tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA, Déanuigh aithrighe, agus iompóighidh sibh féin ó bhur niodhaluibh; agus fillidh bhur naighthe ó bhur nuile ghráineamhlachtaibh.
Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.
Truaillfighthí fós folach híomháigheadh greanta dairgiod, agus córughadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh tú uáit íad amhail éadach salach; a déara tú ris, Imthigh as so.
Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:
¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é.
Ach marso do dhéantaoi riú; teilgfidhe seachad a naltóra, agus bristidhe síos a níomháighe, agus gearrfuidhe síos a garrain, agus loiscfidhe a níomháighe grabhálta le teinidh.
Go ma malluigh an duine dhéanas iomháigh ghrábhálta nó leaghtha, athfhúathmhaireachd don TIGHEARNA, obair lámh an fhir ceirde, agus chuireas a nionad uáighneach í. Agus freagoruidh an pobal uile agus déaruid, Amén.
Agus scriosfuidhe síos a naltóra, agus brisfidhe a bpileiri, agus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh; agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhalta a ndée, agus scriosfuidhe a nanmanna amach as a náit sin.
Deagla go ttruaillfidhthigh sibh féin, agus go ndéanaidh sibh íomháigh ghrabhálta, cosamhlachd fhidhreach ar bith, cósamhlachd fir nó mná,
¶ Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná déanaidh dée leaghtha dháoibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Ni dhéantaoi dháoibh féin íodhuil ar bith nó iomháigh ghrábhalta, ní mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmhach, ni mó chuirfidhe én iomháighe chloiche súas ionbhur bfearann, do chromadh sios di: oir misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Do bhrostuigheadar é chum éada le déeibh coimhitheacha, le gráineamhlachduibh do bhrostuigheadar é chum feirge.
Annsin a dubhairt mé ríu, Teilgidh uáibh gach áon aguibh adhfhúathmhaireachta a shúl, agus ná truáilligh sibh féin le hiodhaluibh na Hégipte: is Misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Acht do chathuigheadarsan am aghaidh, agus níor éistiodar riom: níor theilg gach áon aca úadh gráineamhlachta a shúl, ní mó do thréigiodar iodhail na Hégipte: annsin a dubhairt misi, Dóirtfe mé a núas mo dhíbhfhearg orra, do choimhlionadh mfeirge na naghaidhsion a meadhon chríche na Hégipte.
Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
¶ Tugaidhsi ar a nadhbharsin aire mhaith dháoibh féin; óir ní fhacabhair gné ar bith shamhluighthe an lá do labhair an TIGHEARNA ribh an Hóreb amach as lár na teineadh: Deagla go ttruaillfidhthigh sibh féin, agus go ndéanaidh sibh íomháigh ghrabhálta, cosamhlachd fhidhreach ar bith, cósamhlachd fir nó mná,
Agus do tharcuisnigheadar a reachda, agus a chunnradh do rinne sé re na naithribh, agus a fhiadhnuiseadh noch do fhíadhnuigh sé na naghaidh; agus do leanadar díomhaóineas, agus thangadar chum bheith díomhaóin, agus do leanadar na geintigh noch do bhi ar gach táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an TIGHEARNA dhíobh, nach déanaidís ní cosmhuil riú.
Do bhrígh go ndéarnuidh Manasseh rígh Iúdah na neithe adhfhuathmharsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítigh, noch do bhí roimhe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacughadh le na iodhaluibh:
Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad:
Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.
Ann sa ló sin teilgfidh duine a iodhuil airgid, agus a iodhail óir, noch do rinne dhó féin dá nadhradh, chum na mobhladh agus chum na míoltóg leathair;
Da bhur lasadh féin lé hiodhaluibh faói gach aon chrann glas, ag marbhadh na leanabh annsna gleanntuibh fa scealpuibh na ccarrac.
Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
Agus anois peacuighid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar iomháighe leaghtha dá nairgiod, agus iodhail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreacha na bhfear ceirde: a deirid dá ttáobhsan, Na daóine iodhbras pógaidís na laóigh.
Geárrfa mé fós híomháighe grábhálta, agus híomháighe feasta a mach as do lár; agus ní aidheora tú ní is mó obair do lámh.
Agus thug an TIGHEARNA fúagra dot thaóibh, chor nach síolcuirfidh ní is mó dot ainm: geárria mé amach as tigh do dhée an niomháigh ghreanta agus an níomháigh leaghtha: do dhéana me huáig; óir atá tú beagluáigh.
¶ Cred tharbhuighios a níomháigh ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í; a níomháigh leaghtha, agus teagasgóir bréug, as a ndóthchusuighionn fear déanta a oibre féin ann, do dhéanamh iodhal mbalbh?
¶ Agus tiucfuidh a ccrich annsa lósin, a deir TIGHEARNA na slógh, go ngéarrfa mé anmanna na niodhal as an dtalamh, agus ní chuimhneochthar ní is mó íad, agus fós do bhéara mé air na faighibh agus air na spioraduibh neamhghlana imtheacht amach as an ttír.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.
Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.
Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.
Atá an té mharbhus damh amhuil do mhuirfeadh duine; an té ofrálas lubhán, amhuil agus do ghearrfadh muinéal madraidh; an té íodhbras tiodhlacadh, amhuil do thairgfeadh fuil mhuice; an té loisgeas túis, amhuil do bheinneochadh sé iodhal. A seadh, do thoghadar so a slighthe féin, agus dúilighid a nanmanna iona nadhfhúathmhaireachtuibh.