Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 42:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:8
16 Tagairtí Cros  

canaigí Salm le hurraim dá ainm. Tugaigí moladh agus glóir dó;


Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!


Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é.


agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”


Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.


Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.


Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é, óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú? Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.


Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”


Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,


“An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:


i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.


Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann.”


“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí