Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Marso a deir an TIGHEARNA, Cred an téagceart fúaradar bhur naithre ionnamsa, as ar imthigheadar a bhfad úaim, agus ar shiúbhladar ar lorg díomhaóinis, agus as a ndéarnadh diomhaoin íad?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:5
24 Tagairtí Cros  

Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.


Is ionann cás do lucht a ndéanta agus do chách a chuireann a ndóchas iontu.


Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,


Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.


Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh agus ar fada libh an bua gan teacht.


Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,


Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.


An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.


A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?


Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael.


Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, “Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?” (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n‑íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)


“A mhic an duine, do bhráithre - is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael - dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘D'imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’


ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.


Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m'achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa:


‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí:


“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.


mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.


Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.


Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí