Irimia 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil II. Dombuidheachas na Níuduigheadh. 1 Tuilleamh fós, tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, gha rádh, 2 Eírigh agus éigh a cclúasaibh Ierusalem, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA; cuimhnighim dhuit cinéul hóige, grádh do dhála, a nuáir do chuáidh tú am dhiáigh annsa bhfásach, a bhfearann nach ar cuireadh. 3 Do bhí Israel na náomthacht don TIGHEARNA, agus na phrimidil dá bhiseach: sgriosfuighear gach a sluigeann é; tiucfuidh olc chuca, a deir an TIGHEARNA. 4 Eístigh ré focal an TIGHEARNA, a thigh Iácob, agus a uile mhuinnteara thighe Israel: 5 Marso a deir an TIGHEARNA, Cred an téagceart fúaradar bhur naithre ionnamsa, as ar imthigheadar a bhfad úaim, agus ar shiúbhladar ar lorg díomhaóinis, agus as a ndéarnadh diomhaoin íad? 6 Agus ní dúbhradar, Cáit a bhfuil an TIGHEARNA noch thug a níos sinn ó chrich na Hégipte, do thréoruigh sinn thrid an diothramh, agus tré fhearann bán fásuigh, agus tre thir tharta, agus scáile an bháis, tré fhearann nach ar ghabh aonduine thríd, agus nach ar áitreibh aonduine. 7 Agus thug mé sibh go tír thóirtheamhuil, dithe a toruidh agus a maitheasa; acht a nuáir thangabhair a steach, do thruáilleabhair mo dhúthaigh, agus do rinneabhair adhfhúathmhaireachd dom oighreachd. 8 Ní dubhradar na sagairt, Cáit a bhfuil an TIGHEARNA? agus an drong lámhuigheas an dligheadh nior aithnigheadar mé: do chionntuigheadar fós na háodhaireadha am aghaidh, agus do thairghiriodar na fáighe tré Bháal, agus do leanadar neithe nach ttarbhuighionn. 9 Uimesin taigeoruidh mé fós ribh, a deir an TIGHEARNA, agus re cloinn bhur ccloinne taigeoruidh mé. 10 Oír éirghidhe tar oiléanuibh Chittim, agus féuchuidh; agus cuiridh fios go Cedar, agus measuidh go dithchiollach, agus féuchuidh an bhfuil a leithéid sin do ní. 11 Nar mhalartuigheadar na geinte dée, nach bhfuil ar aon chor na ndéeibh? achd dáthruigheadar mo dhaóinesi a nglóir ar ní nach ttarbhuighionn. 12 Bithí iongantach, a neamha fán níse, agus bithí úamhnach go hadhfhúathmhar, bithí go ro dhubhach, a deir an TIGHEARNA. 13 Oír dhá olc do rinneadar mo dhaóinesi; do thréigeadar misi tobar na nuisgeadh mbéo, agus do thochladar dhóibh féin tiubruide, tiubruide briste nach ccongmhann uisge. 14 ¶ An seirbhíseach Israel? an sclábhuidhe é rugadh san bhaile? cred as ar milleadh é? 15 Do núalladar na leomhuin óga air, agus do thógbhadar a nguth súas, agus do rinneadar fásach da dhúthaigh: atáid a chaithreacha dóite gan áitreabhthuigh. 16 Mar an gcéadna do bhrisiodar clann Noph agus Tahapanes baithis do chinn. 17 Nach ar thuill tusa so dhuit féin, annsa náit ar thréig tú do Thighearna DIA, a nuáir do thréoruigh sé annsa tslighe thú? 18 ¶ Agus a nois cred atá agad re a dhéanamh a slighe na Hégipte, dól uisce Sihor? nó cred atá agad re dhéanamh a slighe na Hassíria, dól uisce na habhanna? 19 Smaichteochuidh holc féin thú, agus imdheargfuidh do schleamhnughadh tar hais thú; bíodh a fhios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searbh an ní mar thréig tú an Tighearna do DHIA, agus nach bhfuil meaglasa ionnad, a deir an Tighearna DIA na slógh. 20 Oír do bhris mé do chuing ón tsean aimsir, agus do dhóith mé do chuibhreach; agus a dúbhairt tú, Ní sháireocha mé; an tionad ar sheachráin tú ar a nuile chnoc árd agus faói gach aonchrann glas ag déanamh meirdreachuis. 21 Thairis sin do phlannduigh mé thú ad fhíneamhuin úasail, síol fírinneach go hiomlán: ciondus maiseadh as a bhfuil tú ar niompógh chugam a bplannda andúthchais fíneamhna coimhighthe? 22 Oír bíodh go nighfea thú féin a nítir, agus móran sóip do ghabháil chugad, thairis sin atá hégceart ar na chomharthughadh am fhíadhnuisi, a deir an Tighearna DIA. 23 Ciondus fhéadas tú a rádh, Ní bhfuilimsi salach, ní dheachuidh mé a ndiáigh Bhaalim? feuch do shlighe annsa ghleann, tuig cred do rinne tú: is dromedari lúath ag imtheachtann a slighthibh thú. 24 Assal fíadhta ghnáthuigheas an fásach, tháiringeas súas an gháoth ar a thoil féin; ionadh cúisfadh cía fhéadas a fhilleadh ar ais? gach a níarrann é ní choirfid íad féin; ann a mhí do gheabhuid é. 25 Connuimh do chos ó bheith gan bhróga, agus do phíobán ó thart; achd a dúbhairt tú, Ní bhfuil dóigh ann: ní bhfuil, óir do ghrádhuigh mé coimhthighidh, agus leanfa mé íad. 26 Amhuil bhíos náire ar an mbitheamhnach a nuáir beirthior air, is marsin atá náire ar thigh Israel; íad féin, a ríghthe, a bprionnsadha, agus a sagairt, agus a bhfáighe, 27 Ag rádh ré smotán, Is tú mathair; agus ré cloich, Is tú do ghein mé: óir diompoigheadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naghaidh: achd a nám a mbuáidheartha déuruid, Eirigh, tárthuigh sinn. 28 Acht cáit a bhfuilid do dhée do rinne tú dhuit féin? éirghedís, má fhéaduid dot thártháil a nam do bhuáidheartha: óir is do réir uibhre do chaithreach atáid do dhée, a Iúdah. 29 Cred an fáth as a ttagarthuidhe riomsa? do pheacuigeabhair uile am aghaidh, a deir an TIGHEARNA. 30 Is go díomhaóin do bhuáil me bhur cclann; níor ghabhadar smacht ar bith: bhur ccloidheamh féin do mharbh bhur bhfáighe, amhuil leomhan millteach. 31 O a ghinealach, féuch focal an TIGHEARNA. An raibh misi am fhásach do Israel? am fhearann dorchaduis? cred as a nabruid mo phobal, Is tighearnadha sinne; ní thiucfam ní sa mó ad choinne? 32 An bhféadann maighdionn a seóid do dhearmad, nó an bhean núadhphósta a cúlaidh? gidheadh do dhearmadar mo dhaóine misi láethe gan áireamh. 33 Cred as a ccóirighionn tú do shlighthe díarruidh grádha? uimesin do theagaisc tú mar an ccéadna do na drochdhaoinibh do shlighthe. 34 Mar an ccéadna do fríth ann do sciortuibh fuil na nanmann mbochd neimhchiontach: ní lé tochailt fúair mé é, acht orra so uile. 35 ¶ Thairis sin a deir tú, Do bhrígh gó bhfuilim neimhchiontach, go dearbhtha fillidh a fhearg úaim. Féuch, taigeora mé riot, do bhrígh go nabair tú, Níor pheacuigh mé. 36 Cred as a ttéid tú an chomhfhad sin timchioll do mhalairt do shligheadh? biáidh fós náire ort tres a Négipt, mar do bhí náire ort tres a Nassíria. 37 A seadh, racha tú amach úatha, agus do lámha ar do cheann: óir do dhisbeaguidh an TIGHEARNA do dhothchuis, agus ní bhéara tú biseach ionta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society