Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 26:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ni dhéantaoi dháoibh féin íodhuil ar bith nó iomháigh ghrábhalta, ní mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmhach, ni mó chuirfidhe én iomháighe chloiche súas ionbhur bfearann, do chromadh sios di: oir misi an TIGHEARNA bhur Ndía.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 26:1
30 Tagairtí Cros  

Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach.


Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.


lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo).


Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.


Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.


Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.


Ná déan déithe duit féin as miotal leáite.


An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,


Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia.


Óir is searbhóntaí liomsa clann seo Iosrael; is searbhóntaí iad a thug mé amach as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.


An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.


ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.


“Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine.


‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’


‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.


Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.


Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí