Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 “Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath dʼfhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Ní thig le h-aoinneach seirbhís a dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige ar duine acu, agus grádh aige do’n duine eile: nó cuirfidh sé suas le duine acu, agus béidh dímheas aige ar an duine eile. Ní thig libh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do Mhammon.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Ní féidir d’aoinneach seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile: nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh seirbhís do dhéanamh do Dhia agus do Mhammon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamh-shuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:24
20 Tagairtí Cros  

Thugadar a n‑eallach dá réir sin chun Iósaef agus thug Iósaef arán dóibh mar mhalairt ar chapaill, ar tháinte, ar thréada agus ar asail; chothaigh sé le bia iad an bhliain sin mar mhalairt ar a n‑airnéis go léir.


Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.


Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu - tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”


Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach?


Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”


Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.


Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.


A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí