Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 6 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012


Intinn Ghlan sa Déirc

1 Aire daoibh gan a bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar Neamh.

2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

3 Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas,

4 ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat é.


Intinn Ghlan sa Ghuí

5 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

6 Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun dʼAthar atá ansiúd faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

7 “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo.

8 Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n-iarrann sibh air iad.

9 Seo mar a dhéanfaidh sibh-se guí: Ár nAthair, atá ar Neamh, go naofar dʼainm;

10 go dtaga do Ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar Neamh.

11 Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu;

12 agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimid-ne dár bhféichiúna féin;

13 agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ón Olc.

14 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh-se freisin.

15 Ach mura maitheann sibh-se do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibh-se.


Intinn Ghlan sa Troscadh

16 “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

17 Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh dʼaghaidh,

18 agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.


Ciste ar Neamh: Ciste ar Talamh

19 “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg dá mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach dá ghoid.

20 Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach dá ghoid.

21 Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.


An Chríonnacht: An Ghuí Mhuiníneach

22 “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar.

23 Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór an dorchadas é sin!

24 “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamh-shuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.

25 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach?

26 “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síol-chur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná iad sin?

27 Cé agaibh a dʼfhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil?

28 Agus cén fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.

29 Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.

30 Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagáin creidimh?

31 Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

32 Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.

33 Ach déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

34 Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.

© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

Lean orainn:



Fógraí