Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 6 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil VI An tseanmóir ar an tsliabh ar leanamhaint.

1 Tabhairigidh aire gan bhur bhfíréantacht a dhéanamh ós cómhair daoine d’fhonn go bhfeiceadh siad sibh: nó ní bhéidh luach saothair agaibh ó bhur n-Athair atá ar neamh.

2 Ar an adhbhar sin, nuair a ghní tú déirc, ná cuir adharc a séideadh rómhat, mar ghní na bréagchráibhthigh ins na sineagóga agus ar na sráideacha, chun go bhfaghadh siad onóir ó dhaoine. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

3 Acht nuair a ghní tusa déirc, ná bíodh a fhios ag do láimh chlí cad é bhíos dá dhéanamh ag do láimh dheis:

4 Ionnas go raibh do dhéirc i bhfolach, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.

5 Agus nuair a ghní sibh urnaighe, ná bígidh mar na bréagchráibhthigh, ar maith, leo urnaighe a dhéanamh ina seasamh ins na sineagóga agus ag coirnéil na sráid chun go bhfeiceadh daoine iad. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

6 Acht nuair a dhéanfas tusa urnaighe, gabh isteach i do sheomra, druid an doras, agus i bhfolach guidh d’Athair, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.

7 Agus ag guidhe díbh, ná déanaigidh mórán cainnte, mar ghní na págánaigh: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo.

8 Dá bhrígh sin, ná bígidh cosamhail leobhtha-san. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair cad é bhíos do dhíth oraibh, sul a n-iarraidh sibh air é.

9 Is mar seo, dá bhrígh sin, a dhéanfas sibh urnaighe: Ár n-Athair, atá ar neamh, go naomhthar d’ainm.

10 Go dtigidh do ríoghacht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar ghníthear ar neamh.

11 Ár n-arán sár-shubstainteach tabhair dúinn indiu.

12 Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimíd-inne dár bhfiachamhnaibh féin.

13 Agus ná leig sinn i gcathughadh, acht saor sinn ó olc. Amén.

14 Óir má mhaitheann sibh-se a gcionntaí do dhaoine, maithfidh bhur n-Athair neamhdha bhur gcionntaí díbh-se fhosta.

15 Acht muna maithidh sibh-se do dhaoine, ní mhaithfidh bhur n-Athair bhur bpeacaidhe díbh-se.

16 Agus nuair a ghní sibh troscadh, ná bígidh gruamdha ar nós na mbréagchráibhtheach: óir dorchuigheann siad-san a n-aighthe, chun go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

17 Acht nuair a ghní tusa troscadh, cuir ola ar do chionn, agus nigh d’aghaidh:

18 Chun nach bhfeicthear do dhaoine, acht do d’Athair atá i bhfolach, thú a bheith ag déanamh troscaidh; agus d’Athair, atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat é.

19 Ná taiscigidh stór díbh féin ar an talamh, mar a n-itheann an mheirg agus an léadhmán, agus mar a dtochlann agus a ngoideann gadaidhthe.

20 Acht taiscigidh stór díbh féin ar neamh, mar nach n-itheann an mheirg ná an léadhmán, agus mar nach dtochlann agus nach ngoideann gadaidhthe.

21 Óir mar a mbíonn do stór, is ann a bhíos do chroidhe fosta.

22 Is i do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach.

23 Acht má bhíonn do shúil olc, béidh do chorp uilig dorcha. Dá bhrígh sin, má’s dorchadas an solus a bhíos ionnat, cad é méid an dorchadais féin?

24 Ní thig le h-aoinneach seirbhís a dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige ar duine acu, agus grádh aige do’n duine eile: nó cuirfidh sé suas le duine acu, agus béidh dímheas aige ar an duine eile. Ní thig libh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do Mhammon.

25 Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Nach mó an t-anam ná an biadh, agus an corp ná an t-éadach?

26 Dearcaigidh ar éanacha an aeir, óir ní chuireann siad, ná ní bhaineann siad, ná ní chruinnigheann siad isteach i sciobóil: agus beathuigheann bhur n-Athair neamhdha iad. Nach mó go mór is fiú sibh-se ná iad-san?

27 Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde?

28 Agus cad chuige a mbíonn éadach ag déanamh cúraim díbh? Tabhairigidh fá dear mar a fhásas lilí na míne: ní shaothruigheann siad, ná ní shníomhann siad.

29 Acht deirim libh nach raibh Salomon féin i n-iomlán a ghlóire cóirighthe mar chionn acu sin.

30 Agus má chóirigheann Dia mar seo féar an ghuirt atá ann indiu, agus a chaithfear isteach san oigheann i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidhimh bhig?

31 Dá bhrígh sin, ná bíodh cúram oraibh, agus sibh ag rádh: Cad é íosas sinn, nó cad é ólfas sinn, nó cad é chuirfeas sinn orainn?

32 Óir is iad seo uilig na neithe a iarras na págánaigh. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin uilig do dhíth oraibh.

33 Ar an adhbhar sin, iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé, agus a fhíréanacht: agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig.

34 Ná bíodh cúram oraibh, dá bhrígh sin, fá’n lá i mbárach: óir béidh a chúram féin ar an lá i mbárach: Ní beag do’n lá a chuid féin de’n olc.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí