Matha 6:25 - An Bíobla Naofa 198125 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)25 “Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara25 Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Nach mó an t-anam ná an biadh, agus an corp ná an t-éadach? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)25 D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)25 D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201225 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach? Féach an chaibidil |