Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 “Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Nach mó an t-anam ná an biadh, agus an corp ná an t-éadach?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:25
22 Tagairtí Cros  

Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labharfaidh sibh.


Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.


Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn?


Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.


Agus nuair a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh.


Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é.


Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí