Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Dearcaigidh ar éanacha an aeir, óir ní chuireann siad, ná ní bhaineann siad, ná ní chruinnigheann siad isteach i sciobóil: agus beathuigheann bhur n-Athair neamhdha iad. Nach mó go mór is fiú sibh-se ná iad-san?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Breathnuighidh éanlaithe na spéire: ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar, agus ní chruinnigheann siad éinnidh i sciobólaibh; agus cothuigheann bhúr n‐Athair neamhdha iad. Nach mó is fiú sibh‐se go mór ’ná iad‐san?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síol-chur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná iad sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:26
15 Tagairtí Cros  

Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.


Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó?


Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí