Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 7:3
40 Tagairtí Cros  

Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: “Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin.


mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.


má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’


ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”


Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.


Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.”


Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus ní raibh a gcroí fós dírithe ag an bpobal ar Dhia a sinsear.


a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.”


Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra.


Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.


Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.


Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b'fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n‑éigeart agus a bpeaca dóibh.”


“Más mian leat filleadh, a Iosrael, - is é an Tiarna a labhraíonn - Is ormsa nár mhór duit filleadh. Cuir deireadh le do ghráiniúlacht agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.


“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.


Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?


Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.


‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí:


Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”


“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.


Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”


Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn.


An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí.


Ach lorgóidh tú an Tiarna do Dhia ón áit sin, agus má lorgaíonn tú é ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, gheobhaidh tú é.


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.


Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.


“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.


“Cuirigí uaibh más ea,” ar seisean, “na déithe coimhthíocha atá agaibh agus tugaigí bhur gcroí don Tiarna, Dia Iosrael.”


Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.


Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.


Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím.


De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót,


Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí