Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tárla, an feadh do bhí an náirc na comhnuighe ann Círiat‐Iárim, go raibh a naímsir fada; óir bá fithche blíadhan é: agus do bhí tigh Israel uile ag déanamh doilghis a ndíaigh an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 7:2
13 Tagairtí Cros  

Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.”


Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát d'fhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím.


Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia.


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.


“Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.


Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.


Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.


Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d'áirc an Tiarna.


Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí