Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 7:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d'áirc an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tangadar muinntir Chíriat‐Iárim, agus rugadar leó súas aírc an TIGHEARNA, agus tugadar a steach í go tigh Abinadab ansa chnoc, agus do náomhadár a mhac Eleásar do choimhéad airc an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 7:1
9 Tagairtí Cros  

Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.”


Chualamar trácht air, féach, in Eafrát; agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.


“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!


Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.


Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.


Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”


Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí