Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Is bhrúideamhuil gach uile dhuine íona éolus féin: do claóidheadh gach uile chumadóir ann a íomháigh ghreanta: óir is neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil ánal ar bith ionnta.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:14
20 Tagairtí Cros  

Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.


Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe!


Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!


Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.


Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna níl tuiscint duine agam.


Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: “Sibhse ár ndéithe.”


Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.


An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu; imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n‑íol.


Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath.


Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”


Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,


Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.


Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí