Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 A nuáir chuirios sé a ghúth amach, atá iomad uisgeadh annsna neamhuibh, agus do bheir sé ar na deathuighibh dul súas ó chorruibh na talmhan; do ní sé tinnteach maille ré fearthuinn, agus do bheir sé an gháoth amach as a ionad taisgidh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:13
23 Tagairtí Cros  

ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.


Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”


Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta? Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta


Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe; líontar an talamh de thoradh do shaothair.


tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid; ná níl puth anála ina mbeola.


Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.


an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine.


As an ngile agus na néalta a bhí uime tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.


Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah


Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.


An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.


Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d'uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo - an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.


Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’


Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.


Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.


Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí