Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 13:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Thairis sin is misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte, agus ní bhiáidh fios día ar bith agad acht misi: óir ni bhfuil slanaightheoir táobh amuigh dhíomsa.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 13:4
14 Tagairtí Cros  

Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d'fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”


Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.


Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.


Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte, ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.


“Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim, “d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.”


Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.


An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann, le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir, agus le péisteanna na talún. Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh, agus scuabfaidh mé iad as an tír, chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.


I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.”


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí