Hóisé 13 - An Bíobla Naofa 1981Díolfar as an Íoladhradh 1 Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis. 2 Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna! 3 Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach. Díolfar as Míbhuíochas 4 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé. 5 Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach, i ndúiche an triomaigh mhóir. 6 Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa. 7 Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon; amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair. 8 Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad. 9 Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael! Cé a thiocfaidh i gcabhair ort? 10 Cá bhfuil do rí anois chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil? Cá bhfuil do rialtóirí, iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”? 11 Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís. Dísciú Eafráim 12 Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach, agus tá a peaca curtha i dtaisce. 13 Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne. 14 Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di. 15 Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.) |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart