Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 13:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Teigeomha mé ríu amhuil beithir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroidhe, agus annsin sluigfidh mé íad amhuil leomhan: réubfuidh an beathach álta íad.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 13:8
11 Tagairtí Cros  

Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.


Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;


Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh; go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í?


B'fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise.


Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.


A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.


Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.


Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”


Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán, agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.


Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí