Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 13:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon; amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Uimesin biáidh misi dhóibhsion amhuil leomhan: mar liopard annsa tslighe bhéara mé dom aire íad.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 13:7
10 Tagairtí Cros  

Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.


Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.


Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”


Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.


Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí bhí sé in oirchill orm.


Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.


Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.


An mbúireann an leon san fhoraois agus é gan seilg? An scairteann an coileán leoin óna phluais agus é gan chreach? An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh agus gan dada ann chun é a mhealladh?


Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí