Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 46:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Claonuidh Bel síos, cromaidh Nebo, do bhádar a niodhala ar a mbeathachaibh, agus ar a náirnéis: do bhádar úaluidhe troma ar bhur ccaráiste; is muirighin íad don bheathach choirthe.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 46:1
22 Tagairtí Cros  

An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh, Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?


Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!


agus caithfear síos na déithe bréige go léir.


An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,


Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.


Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.


Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.


Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


[Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc. Óir is í tír na n‑íol í; tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol.


“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.


Féach, tá na laethanta ag teacht a dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine. Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad, agus a mairbh uile sínte ina lár.


Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola, agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.


Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”


agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.


Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire.


D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí