Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 tá a dtír lán de dhéithe bréige... Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin; os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 2:8
28 Tagairtí Cros  

Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.


Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach.


Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, de réir mar rinne a athair Uiziá roimhe - ach gan dul isteach i sanctóir an Tiarna. Bhí an pobal fós, ámh, ar chosáin na coiriúlachta.


Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.


A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.


chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.


Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla, a gcuireann gabha screamh óir air, agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.


Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n‑oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.


Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig!


Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidh i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise chun túis a loscadh do dhéithe eile agus oibreacha a lámh féin a adhradh.


Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.


Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.


Labhróidh mé leis na fáithe, agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh; trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.


Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!


Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.


Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.


Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agat agus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos mó do dhéantús do lámh féin.


Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh.


Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.


Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí