Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, “Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?” (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n‑íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Féuch gúth chomhairc inghine mo dhaoine do bhrígh na muinntire áitreahhus a ttir imchéin: Nach bhfuil an TIGHEARNA ann Sion? nach bhfuil a rígh inte? Cred as ar bhrostuigheadar misi chum feirge le na níomháighibh greanta, agus le díomhaóineasuibh coimhthigheacha?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:19
35 Tagairtí Cros  

Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim!


Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.


Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.


Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir; bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.


Do do láimhse a thiomnaím m'anam, óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.


Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Tá siad ag teacht ó thír i gcéin, ó chianchríocha na spéire, an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge, chun an talamh ar fad a chreachadh.


Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,


Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”


Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!


Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!


Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.


Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh.


Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ‘Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.’


Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m'fhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha - is é an Tiarna a labhraíonn).


An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?


Chuaigh an fómhar tharainn, tá deireadh leis an samhradh, agus níor tugadh tarrtháil orainn!


Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”


Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”


Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.


Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois? Nach bhfuil aon rí agat? An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú mar bhean ina leaba luí seoil?


Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait. Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.


‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”


“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.


Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí