I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.