Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 50:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Foillsighidhsi a measc na ngeinteadh, agus fúagruidh, agus cuiridh bratach súas; fúagruidh, agus ná ceilidh: abruidh, Do gabhadh an Bhabilóin, do claóidheadh Bel, do briseádh Merodach na blodhuibh; do milleadh a hiodhuil, do briseadh a hiomháighe na mblodhuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 50:2
34 Tagairtí Cros  

A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.


Insígí a ghlóir i measc na gciníocha; agus a éachtaí i measc na náisiún.


Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.


Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.


Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.


Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.


San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.


Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.


Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!


Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,


(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’


Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.


Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.


“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.


Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine, agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.”


Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.


“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.


Tá teachtaire ar leanúint teachtaire, giolla sna sála ar ghiolla chun a rá le rí na Bablóine gur gabhadh a chathair ó gach taobh;


“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.


Féach, tá na laethanta ag teacht a dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine. Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad, agus a mairbh uile sínte ina lár.


Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola, agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.


Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste; nuailligí ar a son! Téigí ar lorg íoca dá créachta; b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!


Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.


Cluinigí mar sin, a chiníocha, bíodh a fhios agaibh, a oireachtais, céard tá i ndán dóibh.


Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí