2 Ríthe 18:4 - An Bíobla Naofa 19814 Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 ¶ Do atharruidh sé na háite árda, agus do bhris sé na híomháighe, agus do ghearr sé sios na garraín, agus do bhris na codchannaibh a naithir nimhe phráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ghoir sé Nehustan di. Féach an chaibidil |
Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”
Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.