2 Ríthe 18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Do aisig Hesecia rí Iudah an crábhadh firinneach. 17 Raithe agus ro‐cháine Rabsaceh. 1 Anois tárla annsa treas blíadhain do Hoseá mac Elah rígh Israel, gur thosuigh Heseciah mac Ahas rígh Iúdah a ríghe. 2 Cúig bhlíadhna fithchiod dáois do bhí sé a nuáir do thosuigh sé a ríghe; agus do ríoghaidh náoi mblíadhna fithchiod ann Ierusalem. Do bé fós ainm a mhathar Abi, inghean Shachariah. 3 Agus do rinne sé an ni fá cheart a radharc an TIGHEARNA, do reir a nuile ní dá ndearnuidh á athair Dáibhi. 4 ¶ Do atharruidh sé na háite árda, agus do bhris sé na híomháighe, agus do ghearr sé sios na garraín, agus do bhris na codchannaibh a naithir nimhe phráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ghoir sé Nehustan di. 5 Do chuir sé a dhóigh annsa TIGHEARNA Día Israel; iondus nach raibh éanduine na dhiáigh cosmhuil ris a measg ríogh Iúdah uile, nó éanduine dá raibh roimhe. 6 Oír do chuáidh sé a leith an TIGHEARNA, agus níor dhealuigh re na leanmhuin, achd do choimhéud a aitheanta, noch do aithin an TIGHEARNA do Mháoise. 7 Agus do bhí an TIGHEARNA maille ris, agus do chuáidh sé ar a aghaidh gach uile bhall a ttíagh amach: agus do chathuigh se a naghaidh rígh na hassíria, agus níor fhoghuin sé dó. 8 Do bhúail sé na Philistinigh go nuige Gasa, agus a imle sin, ó thor an luchd faire gus na caithreachaibh daingne. 9 ¶ Agus tárla annsa cheathramhadh blíadhuin do rígh Heseciah, (noch ar bhé an seachdmhadh blíadhuin do Hoseá mac Elah rígh Israel), go ttáinic Salmaneser rígh na Hassiria aníos a naghaidh Shamária, agus gur chuir slúagh na shúighe uirre. 10 Agus a ccionn thrí mbliadhuin do ghabhadar í: annsa seiseadh bliadhuin do Heseciah, (do bí sin an náomhadh blíadhain do Hosea rígh Israel), do gabhadh Samária. 11 Agus rug rígh ná Hassíria Israel leis don Assíria, agus do chuir sé íad ann Hálah agus Hábor láimh ré habhuinn Gosan, agus a ccaithreachaibh na Médeach: 12 Do bhrígh nar umhluigheadar do ghlór a TTIGHEARNA Dé, áchd gur sháruigheadar a chunnradh, agus a nuile ní dár aithin Máoise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA dhíobh, agus nar bháill leó a ccluinsion, nó a ndéanamh. 13 ¶ Annois ansa cheathramhadh blíadhuin déug don rígh Heseciah tháinic Sennacherib righ na Hassíria a níos a naghaidh uile chaithreacha ndaingean Iúdah, agus do ghabh sé íad. 14 Agus do chuir Heseciah rígh Iúdah teachda go rígh na Hassíria go Lachis, dhá rádh, Do choirigh mé; fill uáim: an ní chuirfios tú orum iomchoruidh mé é. Agus do chuir righ na Hassíria ar Heseciah rígh Iúdah trí chéud tallann airgid agus tríochad tallann óir. 15 Agus thug Heseciah dhó ar fríth dairgiod a ttigh an TIGHEARNA, agus a niónnmhusuibh thighe an rígh. 16 Fa namsin do gheárr Heseciah an tór do dhoirsibh theampuill an TIGHEARNA, agus do na piléuruibh noch do dfoluigh Heseciah rígh Iúdah re hór, agus thug sé do rígh na Hassíria é. 17 ¶ Agus do chuir rígh na Hassíria Tartan agus Rabsaris agus Rabsaceh ó Lachis gus an rígh Heseciah maille re slúagh mór a naghaidh Ierusalem. Agus do chuádar súas agus thangadar go Hierusalem. Agus a nuáir thangadar a níos, thangadar agus do sheasadar ag píopa an locháin dob áirde, noch atá a slighe mhóir mhachaire a núcaire. 18 Agus a nuáir do ghoireadar chum an rígh, thánic Eliacim mac Hilcíah amach chuca, noch do bhí ós cionn an teaghluigh, agus Sebna an scribhnéoir, agus Ioah mac Asaph an cuimhnightheoir. 19 Agus a dubhairt Rabsaceh riú, labhruidhsi a nois ré Heseciah, Marso deir an rígh mór, rígh na Hassiria, Cred é an daingion so iona bhfuil tú ag cur do dhóthchuis? 20 A deir tusa, (acht is briathra diomháoin íad,) Atá comhairle agus neart agumsa chum an chogaidh. Anois cía iona bhfuil do dhóthchus, as a tteíd tú a ccogadh ormsa? 21 Féuch anois, atá do dhoígh a maide don ghiolcuigh bhrúitesi, ion sa Négipt, noch ma sheasann duine air, rachas iona laímh, agus thollfas í: marsin atá Phárao rígh na hégipte ré gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann. 22 Acht má deirthí riomsa, Atá ar ndoígh ann ar TTIGHEARNA Día, nach é sin an té, ar chuir Heseciah a aíte árda agus a altóra ar gcúl, agus a dubairt sé ré Iúdah agus ré Ierusalem, Do dhéantáoi íodhbuirt as coinne na haltórasa ann Ierusalem? 23 Anois ar a nadhbharsin, guidhim thu, tabhair braighde dom thighearna rígh na Hássíria, agus do bheára misi dhá mhíle each dhuit, má thig dhíot ar do shon féin marcshlúagh do chur orra. 24 Cionnus maiseadh iompóchus tú uáit aghaidh éanchaptín amháin do na searbhfhoghantuibh is lugha ag am mhaíghistir, agus chuirfeas tú do dhóigh san Négipt fa charbaduibh agus fa mharcshlúagh? 25 An ttáinic misi a nois gan an TIGHEARNA a naghaidh na háitesi dá milleadh? A dubhairt an TIGHEARNA riom, Eirigh súas a naghaidh na tíresin, agus mill í. 26 Ann sin a dubhairt Eliacim mac Hilciah, agus Sebna, agus Ioah, re Rabsaceh, Guidhim thú, labhair red shearbhfhoghantuighibh annsa teanguidh Shirianta; (óir tuigmid í): agus ná labhair rinn ansa teanguidh Iúduighe a cclúasuibh na muinntire atá air an mballa. 27 Acht a dubhairt Rabsáceh riúsan, Nar chuir mo mhaighistir misi chum do mhaighistirsi, agus chugadsa, do labhairt na mbriatharsa? nach chum na muinntire shuidhios air an mballa do chuir sé mé, go nithid a salchar féin, agus go nibhid a mún féin bhur bhfochairse? 28 ¶ Annsin do sheas Rabsaceh agus do éigh do ghuth árd a tteanguidh na Niuduigheadh, agus do labhair, dhá rádh, Eistigh focal an rígh mhóir, rígh na Hassiria: 29 Marso a deir an rígh, Na mealladh Heseciah sibh: óir ní bhiáidh ar a chumus bhur sáoradh as a láimh: 30 Agus ná tugadh Heseciah oruibh bhur ndóígh do chur annsa TIGHEARNA, gha rádh, Sáorfuidh an TIGHEARNA sinn go deimhin, agus ní sheachodar an chathairsi a láimh rígh na Hassíria. 31 Ná tugaidh éisteachd do Heseciah: óir is mar so deir rígh na Hassíria, Déunuidh réiteach riomsa maille re comhuidh, agus tigidh amach chugam, agus annsin itheadh gach áon aguibh dá fhíneamhuin féin, agus gach áon da chrann fíge, agus ibheadh gach áon duisge a thobair féin: 32 Nó go ttí misi agus go mbeiridh mé liom sibh a bhfearann cosmhuil ré bhur ttír féin, dúithche arbha agus fhíona, dúithche aráin agus fhíneamhna, dúithche ola chrann‐ola agus meala, chor go mairfídhe, agus nach bhfuighe sibh bás: agus ná héistidh re Heseciah, a nuáir chuirfeas sé impidhe oruibh, dha rádh, Táirtheochaidh an TIGHEARNA sinn. 33 Nar sháor día air bith do na cineadhachuibh a dhúithche as láimh rígh na Hassíria? 34 Cáit a bhfuilid dée Hamát, agus Arpad? cáit a bhfuilid dée Sepharbhaim, Hena, agus Ibhah? nar sháoradar Samária as mo láimhsi? 35 Cía híad féin a measc dée na ttíorthann, noch do sháor a ttír as mo láimhsi, as a sáorfadh an TIGHEARNA Ierusalem as mo láimh? 36 Acht do bhádar na daóine na ttochd, agus níor fhreagradar éanfhocal dó: óir do bé aithne an rígh, dha rádh, Na tugaidh freagra air. 37 Annsin tháinic Eliacim mac Hilciah, noch do bhí os cionn an teaghluigh, agus Sebna an scribhneóir, agus Ioah mac Asaph an cuimhnigheóir, go Heseciah gun a néadach briste, agus do innseadar dhó briathra Rabsaceh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society