Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus thug an TIGHEARNA fúagra dot thaóibh, chor nach síolcuirfidh ní is mó dot ainm: geárria mé amach as tigh do dhée an niomháigh ghreanta agus an níomháigh leaghtha: do dhéana me huáig; óir atá tú beagluáigh.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 1:14
21 Tagairtí Cros  

Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air.


Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.


Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.


Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.


Bí agam i do charraig dhídine, i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil; óir is tú mo charraig is mo dhún.


Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!


Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.


Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.


Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam; agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.”


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.


Stoithfidh mé do chuaillí naofa aníos as an talamh agus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch.


Le confadh feirge imreoidh mé díoltas ar na ciníocha nach ngéilleann dom.


Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d'anam féin a chaill tú.


Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí