Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Nahum 1 - An Bíobla Naofa 1981


Teideal

1 Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.


Réamhrá Fearg an Tiarna

2 Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.

3 Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

4 Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.

5 Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,

6 Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

7 Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.

8 Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas.


Oracail i dtaobh Iúdá agus Nínivé

9 Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh ín aghaidh an Tiarna? Eisean a t‑ollscriostóir. Tá deireadh leis an ansmacht go deo.

10 Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.

11 Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.

12 Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.

13 Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”

14 Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí