Salm 37 - An Bíobla Naofa 1981Séan Soghluaiste na nUrchóideach 1 [Salm le] Dáiví. 1 [Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide; 2 óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa. 3 Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte. 4 Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí. 5 Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart 6 i dtreo go n‑éireoidh d'fhíréantacht mar sholas agus d'ionracas mar ghrian an mheán lae. 7 Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht 8 Cuir uait an fraoch agus an fíoch; ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar; 9 Óir dísceofar lucht déanta an oilc agus gheobhaidh lucht na foighne an talamh. 10 Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta. 11 Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle beidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis. 12 Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin: baineann díoscán as a fhiacla ina choinne. 13 Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht. 14 Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht. 15 Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féin agus brisfear a mbogha ina bhloghanna. 16 Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach; 17 óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan. 18 Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach, agus mairfidh a n‑oidhreacht go brách. 19 Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta. 20 Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh. 21 Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht, ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil. 22 Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna, ach dísceofar an dream a mhallaigh sé. 23 Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine agus déanann slí an té is geal leis sábháilte. 24 Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é, ós é an Tiarna é féin a thaca. 25 Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda. 26 Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh, agus beannófar a shliocht dá éis. 27 Seachain an t‑olc, déan an mhaith agus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú. 28 Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh. 29 Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách. 30 Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna agus canann a theanga an ceart; 31 bíonn dlí a Dhé ina chroí, ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh. 32 Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréin agus fonn a mharaithe air. 33 Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é, ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air. 34 Fan leis an Tiarna; bí dílis dó agus tabharfaidh sé ardú céime duit, go mbronnfaidh ort seilbh na talún; agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach. 35 Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreach ina sheasamh amhail céadras na Liobáine. 36 Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil. 37 Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána; 38 ach dísceofar na peacaigh uile le chéile; déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh. 39 Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan, is é a ndídean é in am na trioblóide. 40 Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart