A chara, tá Dia i láibh ár moladh, agus gach aon lá tá cúis againn buíochas a ghabháil leis. Is breá leis an moladh a thagann ó chroí, moladh fíor le croí lán de bhuíochas.
Nuair a mholaimid é, tarlaíonn míorúiltí inár saol. Tá leigheas agus saoirse le fáil sa mholadh. Smaoinigh ar na rudaí iontacha atá déanta ag Dia i do shaol ó chruthaigh sé thú. Tá sé dílis agus tá sé ag faire ort i gcónaí. Molaimis é mar tá sé maith, agus tá a thrócaire úr gach maidin.
"Líonfaidh mé mo bhéal le do mholadh, le do ghlóir an lá ar fad." (Salm 71:8) Geallann Dia go líonfaidh sé do bhéal le moladh. Tosaigh le bheith buíoch as a chuid maitheasa agus cuirfidh sé an moladh sin i do chroí.
"Dá bhrí sin, canfaidh mé duit, a mo ghlóir, agus ní bheidh mé ciúin. A Thiarna mo Dhia, molfaidh mé thú go deo." (Salm 30:12)
Acht canfa misi dot neartsa; agus lúathgháirfead as do thrócaire gach maidin: óir ba tú mo choimhéad agus mo dhídean a ló mo thrioblóide.
Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú. Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha.
Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha: Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Deanaidh fuaim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalamh uile. Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadhmholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad.
Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne. Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta.
Canuidh don TIGHEARNA caintic nuadh; óir do rinne sé neithe iongantacha: do thárthaidh a láimh dheas, agus a rígh náomhtha féin. Do chuir an TIGHEARNA а shlánughadh a numhail: a radharc an ccineadhach dfoillsigh sé a fhíréuntachd.
Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
Acht do chuirios mo dhóigh ann do thrócairesi; gáirdeochuidh mo chroidhe ann do shlánughadh. Canfad chum an TIGHEARNA, do bhrígh gur roinn sé go fialmhar riom.
Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.
Molfa mé thú, a measg na ndaóine, a THIGHEARNA: canfad salm dhuitsi a measg na gcineadhach.
Moluidhsi an TIGHEARNA: óir is maith sailm do chanadh dár Ndía; óir is dathamhuil; agus is aóibhinn a mholadh.
Moluidh an TIGHEARNA. Canuidh don TIGHEARNA caintic núadh, bíodh a mholadh a gciomhthionól na náomh.
Canaidh don TIGHEARNA; óir do rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhios so ar feadh an domhuin.
Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Gairdighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna: is cubhaidh moladh don díreach. Do ní an TIGHEARNA comhairle na ccinneadhach díomhaoin: do ní smúaintighe na ndaóine neimhéifeachtach. Seasfuidh comhairle an TIGHEARNA go bráth, smúaintighthe a chroidhe go sáoghal na sáoghal. Is beannuigh an cineadh agá bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca; na daóine do thogh sé mar oighreachd dó féin. Féuchuidh an TIGHEARNA ó neamh; do chí sé mic na ndáoine uile. Dearcaidh sé ó a ionad cómhnuigh air áitreabhaibh na talmhan uile. Eision cumadóir a ccroidhtheadh a néainfheachd; tuige sé a noibreach uile. Ní bhfuil rígh air bith cumhduighthear re iomad slóigh: ní sáorthar an duine tréan re méad a neirt. Is ní díomhaóin each mar dhídion: ní sháorfa sé aonduine re méad a neirt. Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire; Do sháoradh a nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta. Molaidh an TIGHEARNA ris an ccláirsigh: re psaltair re hionstrumeint dheich ttéud canuidh dhó. Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan. Biodh do thrócaire, oruinn, a THIGHEARNA, do réir mar atá ár ndóigh ionnad. Canuidh dhó caintic núadh; sinnidh go héolgach maille re fuáim áird.
¶ Canaidh don TIGHEARNA caintic núadh, agus a mholadh ó imiol na talmhan, sibhsi do théid síos chum na fairge; agus a nuile ní dá bhfuil innte; na hoiléin, agus a náitreabhthacha.
A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde. Is cosmhuil thfíréantachd re sléibhtibh ro arda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.
Canuigh don TIGHEARNA caintic núadh: canuigh don TIGHEARNA, a thalamh uile. Abraidhe a measg na ngeinteadh, Atá an TIGHEARNA a rioghacht: daingneochar fós an domhan go nach ccorróchar é: do dhéana sé breitheamhnus air na poibleachaibh a bhfíréuntachd. Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte. Lingiodh an magh le lúathgháire, agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid croinn na coilleadh Os coinne an TIGHEARNA: oír atá sé ag teacht, ag teacht do dhéanamh breitheamhnuis air an ttalamh: do bhéara sé breith air a tsaoghal a bhfíréuntachd, agus air na daóinibh iona fhírinne féin. Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló.
Is mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go ro árrachta; agus ní bhfuil cúartughadh air a mhórdhacht. Molfa geinealach hoibreacha do gheinealach oile, agus foillseochaid do ghniomha cumhachtacha. Laibheora misi air dhathamhlacht glóire do mhórdhachta, agus air do ghníomhuibh iongantacha.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Canuidh psalm don THIGHEARNA, ó sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidheachus do chuimhne a naomhthachda.
Canadh an domhan uile, chum an TIGHEARNA; foillsigh amach ó ló go ló a shlánughadh. Foillsigh a ghlóir a measg na ngeinteadh; a oibreacha iongantacha a measg na nuile chineadhach. Oir is mór án TIGHEARNA, agus is mór é ré a mholadh: is roimhe fós is coír eagla bheith ós cionn a nuile dhée.
Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne.
Luathghairigh chum Dé ar neart: déanaidh fuáim mheanmnach chum Dé Iácob. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiobhladar iona ccomhairle féin. O dá néistfedís mo dháoine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh! Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh. Duimhleochaidís lucht fúatha an TIGHEARNA íad féin go fathach dhó; acht do bhíadh a naimsirsion go siorrúidhe. Agus do bheathochadh sé íad le méuthus cruithneachda: agus lé mil amach as an ccarruic do sháiseochuinn thú. Glacaidh psalm, agus tugaidh an tiompán libh, an tsiterne thaighiúir maille ris an ccláirsigh.
Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.
Canuidh don TIGHEARNA caintic nuadh; óir do rinne sé neithe iongantacha: do thárthaidh a láimh dheas, agus a rígh náomhtha féin.
Canaidh don TIGHEARNA; óir do rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhios so ar feadh an domhuin. Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.
Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile: Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid. Thug tú a steach san líon sinn; do chuir tú cumhgach air ar leasrachaibh. Thug tú air dháoinibh marcuigheachd do dhéanamh air ar gceann; do chuamar thríd theine agus uisge: achd do thugaisse amach sinn go hionad shaídhbhir. Rachad a steach ann do thigh re hiodhbarthaibh loisge: coimhlíonfad duitsi mo mhóide, Noch do admhuigh mo phuisíne, agus do labhair mo bhéul, a nuáir do bhí amhgar oram. Iodhbartha loisge méithealluigh toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh; do dhéan na daimh réidh, agus na gabhair fhirionna. Selah. Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma. Chuigesion do ghoireas rem bhéul, agus do hárdughadh é rem theangaidh. Má chím urchoid am chroidhe, ní chluinfidh an TIGHEARNA: Acht go deimhin do chúalaidh Día mé; thug sé aire do ghuth murnaigh. Canuidh re salmhuibh glóir a anma: tabhraidh glóir dhá mholadh.
¶ Brisigh amach a ngáirdeachus, canuidhse lé chéile, a áite fásuigh Ierusalem: óir do chobhruidh an TIGHEARNA a dhaóine, dfúascail sé Ierusalem.
Tugaidh búidheachus don TIGHEARNA; goiridh air a ainm: foillsighidh a measg na gcineadhach a ghníomhartha. Agus do dhaingnidh sé é do Iacob mar dhligheadh, do Israel mar chunnradh síorruidhe: Gha rádh, Dhuitsi do bhéaras misi talamh Chánáan: line bhur noighreachta: A nuáir do bhádar beagán daóine; ro bheagán, agus na gcoigcríochaibh ansin. Agus do shiúbhladar ó chineadh go cineadh, ó rioghachd go daoinibh oile. Níor fhulaing sé déanduine éagcoir do dhéanamh orra: acht thug aithfior air a son do ríghthibh; Gha rádh, Ná beanaidh lém ungthachaibh, agus dom fháighibh na déanuidh dochar. Agus do ghoir sé gorta air an ttalamh: agus do bhris sé a nuile stór aráin. Agus do chuír sé duine rompa, Ioseph, noch do díoladh mar sheirbhiseach: Do ghortuigheadar ris an ngeimhiol a chosa: do cuireadh a níarann é: Gus a nam a ttáinic a bhríathar: do dheárbh glór an TIGHEARNA é. Canuidh dhó, canuidh psalm dhó: labhruidh air a iongantuibh uile.
Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile Chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é.
Molfad an TIGHEARNA do réir a fhíréantachda: agus cánfad moladh dainm an TIGHEARNA is ro áirde.
Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.
Músgail súos, ó mo ghlóir; dúisighe a shaltracha agus a chláirseacha: múisgeola mé air maidin. Molfad thú, a measc na ndaoine, a THIGHEARNA: canfad duit a measg na gcineadhach.
Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.
Acht canfa misi dot neartsa; agus lúathgháirfead as do thrócaire gach maidin: óir ba tú mo choimhéad agus mo dhídean a ló mo thrioblóide. O mo neart, dhuitse chanfas mé: óir isé Día mo dhídean, Día mo throcaire.
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Is maith admháil do dhéanamh don TIGHEARNA, agus sailm do chanadh dot ainm, ó thusa is ro áirde: Agus áirdeochthar madharcsa mar unicorn: ungfuighthear mé ré hola úir. Agus do chífe mo shúil to mhían air mo naimhdibh, cluinfid mo chlúasa na ciontuigh éirghios am adhuigh. Bláithfigh an fíréun mar chrann pailme: mar chrann sédair a Lebanon fásfuidh sé. An lucht phlannduighthear a ttigh an TIGHEARNA, bláithfid siad a ccúirtibh ar Ndénne. Do bhéaraid fós toradh úatha a naóis léith; méith agus úr bhéid síad; Dfoillsiughadh go bhfuil mo THIGHEARNA, mo charraic ceart: agus nach bhfuil éaigceart ar bith ann. Dfoillsiughadh do thrócaire air maidin, agus thfírinne annsna hoidhchibh;
Tagaidh, déanam adhra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIGHEARNA ar ccruthuigheóir.
Agus ionnus go molfadh na cineadhacha Día ar son a throcaire; do réir mar atá sgríobhtha, Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na Gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm.
As béul na naóidhean agus leanabh na ccíoch dórduighis neart do bhrígh do naimhde, chor go ccoisgféa an námhuid agus an dióghaltóir.
Molfa mé thú lem uile chroidhe: ós coinne na ndée canfa mé salm dhuit. Do dhéana mé adhra chum páláis do náomhthachta, agus molfa mé hainm ar son do thrócaire agus thfírinne: óir do mhóraidh tú do bhríathar red ainm uile.
An té nach déan ithiomrádh le na theangaidh, is nach déan olc dá chomharsuin, is nach ttógbhann súas míochlú a naghaidh a chomharsan.
Molfuid hoibreacha uile thú, a THIGHEARNA; agus beinneochuid do naóimh thú. Laibheoruid síad ar ghlóir do rioghachd, agus do dhéanaid caint air do neart; Do chur a mhóirghníomha agus mhórdhachd ghlórmhar a rioghachta, an umhail do chloinn na ndaoine.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
A tá manam fonnmhar, mar an ccéadna ag meirtniughadh re dúil a ccúirtibh an TIGHEARNA: gáirigh mo chroidhe ag mfeóil amach chum an Dé bhí.
Lingidh a steach ann a gheatuighibh maille ré tabhairt buidheachuis, iona chúirtibh lé moladh: molaidh é, agus beannuigh a ainm.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge; Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
Mol an TIGHEARNA, ó Ierusalem; molsa do Dhía, a Shíon. Oír do neartuigh sé barradha do dhoirsi; do bheannuigh sé do leinibh ann do mheadhón.
Tuilleamh fós do dhealuidh Dáibhi, agus caiptínigh an tslóigh do sheirbhís mhac Asaph, agus Heman, agus Iedutun, noch do dhéanadh fáigheadóireachd le cláirseachaibh, agus le saltrachaibh, agus le cimbaluibh: agus do bé uibhir an luchd oibre do réir a serbhíse:
Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith é: óir atá a thrócaire go síorruidhe. Do chruinnigheadar a nuile chineadh am thimchioll: a nainm an TIGHEARNA geárrfad díom íad. Thangadar am thimchiol; go deimhin, thangadar fa ccuáirt am thimchioll; a nainm an TIGHEARNA fós gearrfad diom íad. Thangadar mar bheachaibh am thimchioll; atáid ar na múchadh mar theine na ndroighean: óir a nainm an TIGHEARNA gearrfad diom íad. Do sháith tú chugam go neartmhar iondus go ttuitfinn: acht ba hé an TIGHEARNA mfear furtachda. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge. Atá lámh dheas an TIGHEARNA ar na hárdughadh: do ní lámh dheas an TIGHEARNA cródhacht. Ní bhfuighiod bás, acht maírfiod, agus foillseochad oibreacha an TIGHEARNA. Do smachtuigh an TIGHEARNA mé go mór: acht níor thoirbhir sé don bhás mé. Fosgluidh dhamhsa geatuigh na fíréantachda: rachad a steach ionta, agus molfad an TIGHEARNA: Abradh Israel a nois, go bhfuil a thrócaire go síorruidhe.
Glac cláirseach, éirigh fá ccúairt na caithreach, a mheirdreach noch do dearmadadh; déan céol binn, gabh mórán abhrán, chor go ccuimhneochtar thú.
Laibheoruidh mo bhéul moladh, mar mhúinfios tusa do reachta dhamh. Freagoruidh mo theanga do bhríathar: óir is fíréantacht haitheanta uile.
Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú:
Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.
Ní cheilfiom air a ccloinn íad, ag innisin don ghinealach thiocfas molta an TIGHEARNA, agus a chumhachta, agus na míorbhuile do rinne sé.
Tóigfid síad a nguth súas, canfuid céol ar son mhórdhachda an TIGHEARNA, goirfid go hárd ón bhfairge.
Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.
Laibheoruidh mo bhéul moladh an TIGHEARNA: agus beannuigheadh a nuile fheóil ainm a naomhthachda choidhche agus go bráth.
Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
Déanuidh glóir iona ainm náomhtha: déanadh a gcroidhesion gáirdeachus noch shirios an TIGHEARNA.
Ag rádh, Foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhraithribh, molfuidh mé thú maille ré ceól a meadhón na heagluise.
Cláonfuidh an talamh uile íad féin duit, agus canfaid salm dhuit; canfaid salm dot ainm. Selah.
Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thaluimh uile: deán fuáim thaighiúir, déan gáirdeachus, agus cán salm. Canuigh chum an TIGHEARNA ris an ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus re guth salm. Re trumpadhuibh agus re guth an chornet déanaidh fuaim lúathgháireach ós choinne an TIGHEARNA, an Rígh.
Do dhéanam gáirdeachuis ann do shlánughadh, agus a nainm ar Ndé cuirfeam bratacha súas: go ccoimhlíona an TIGHEARNA huile íarratas.
Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.
Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith an TIGHEARNA: canaidh sailm dhá ainm; óir atá sé aóibhinn.
Tabhair manam as príosún, iondus go molfuinn hainm: íadhfuid na fíréin am thimchioll; oir biáidh tusa ttiodhlaiceach dhamh.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Mairfid do dhaóine marbha, eireochuid a naóinfheachd re mo chorp marbhsa. Músclaidh agus cánaidh, a dhrong chómhnuighios annsa luáithreadh: óir atá do dhrúchd mar dhrúchd luibhionn, agus teilgfidh an talamh amach na mairbh.
O A THIGHEARNA ar Ttighearna, cred é a oirdhearca atá hainm annsa talamh uile! da bhfoillsigheann tú do ghlóir ós cionn na bhflaitheas.
Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.
Tugaidh búidheachus don TIGHEARNA; goiridh air a ainm: foillsighidh a measg na gcineadhach a ghníomhartha.
Biáidh caintic, amhuil annsa noidhche a núair náomhthar an tsollamoin; agus gáirdeachus croidhe, amhail mar théid duine le píob do dhul ar shlíabh an TIGHEARNA, go Háon cumhachdach Israel.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.