Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

1 A Thiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

1 Iehobha Dhé, cia mórdha h’ainm, Air feadh gach uile thír! Do ghlóir do shocruigh tu os cionn Na bhflaithis a’s na spéir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 O A THIGHEARNA ar Ttighearna, cred é a oirdhearca atá hainm annsa talamh uile! da bhfoillsigheann tú do ghlóir ós cionn na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 8:1
27 Tagairtí Cros  

Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.


Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.


molaigí ainm an Tiarna! óir is é amháin is airde, agus sáraíonn a ainm neamh agus talamh in éineacht.


Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht ina luí ar a leaba dó. Gabhann sé i slí nach maith agus ní shéanann sé an t‑olc.


Tá m'anam ina luí i measc leon a d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.


Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.


Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.


éanlaith an aeir agus iasc na mara agus a ngluaiseann ar raonta na farraige.


Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.


Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.


Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.


A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.


Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir.


“Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?”


D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”


An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha.


“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,


Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú


Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;


Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá: “Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí