Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 8 - An Bíobla Naofa 1981


Maorgacht Dé agus Gradam an Duine

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.

2 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d'ainm ar fud na cruinne! Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha

3 as béal naíonán agus leanaí cíche. Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairde d'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.

4 Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar - an ré agus na réaltaí a rinne tú -

5 cad is duine ann go dtógfá ceann de? ná mac an duine go ndéanfá cúram de?

6 Rinne tú beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air.

7 Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dó agus chuir tú gach aon ní faoina chosa,

8 idir chaoirigh agus eallaí agus eile agus ainmhithe uile an mhachaire,

9 éanlaith an aeir agus iasc na mara agus a ngluaiseann ar raonta na farraige.

10 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d'ainm ar fud na cruinne!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí