Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 15:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 An té nach mbíodh cealg ina theanga, agus nach ndearna dochar dá chomharsa: agus nach ndearna ithiomrá ar a chomharsa.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 An té nach dean air neach air bith, Ithiomrádh le na bhéul, Nach ndeanan olc da chómharsan, ’Snach ttógan air droichsgéul.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 An té nach déan ithiomrádh le na theangaidh, is nach déan olc dá chomharsuin, is nach ttógbhann súas míochlú a naghaidh a chomharsan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;

Féach an chaibidil Cóip




Salm 15:3
16 Tagairtí Cros  

Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.


Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.


Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh.


Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.


“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.


béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí;


Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil.


Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí.


gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.


Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.


A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.


Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí