Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 15 - An Bíobla Naofa 1981


Slí na Beatha Suthaine
1 Salm le Dáiví.

1 Salm le Dáiví. A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth? Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?

2 An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí;

3 an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;

4 an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;

5 nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí