A chairde, smaoinígí ar an bpíosa crá croí a bhí ar Íosa, an náire a cuireadh air. Ach fiú agus é ag fulaingt go géar, tharla rudaí dochreidte a léirigh nach duine coitianta a bhí ann ar chor ar bith. "A Athair, maith dóibh, óir níl a fhios acu cad a dhéanann siad," a dúirt sé (Lúcás 23:34).
Céasadh é go han-dian ar an chrois, pionós a ghlac sé inár n-áit. Smaoinígí ar na créachta domhain, an fuil a dhoirteadh as – an fhuil chéanna a cheannaigh sinn agus a shaor sinn ón bpeaca.
De réir na Soiscéal, fuair sé bás cúpla uair an chloig tar éis a chéasta, ach le bheith cinnte go raibh sé imithe, sháigh saighdiúir sleá ina thaobh.
Ní mór dúinn cuimhneamh ar an méid seo agus iarracht a dhéanamh maireachtáil go díreach os comhair Dé, ag cur luach ar an íobairt a rinne Íosa ar ár son. Shaor sé sinn ón bpionós síoraí a bhí tuillte againn.
Molaimis a ainm agus buíochas leis as a ghrá gan teorainn dúinn.
Ann sin ar ngabháil an bhínégre Díosa, a dubhairt sé, Atá sé ar na chríochnughadh: agus ar gcláonadh a chin, do thoirbhir sé a spiorad.
Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.
Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
A tá a fhios agaibh go bhfuil an chaísg tair éis dá lá, agus go dtiobharthar Mac an duine dá chrochadh.
A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice.
Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.
Oír is í so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhoírtear ar som mhóráin chum maitheamhnuis na bpeacadh.
Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.
Iomchramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitibh bás an Tighearna Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa mar an gcéudna folus ann ar gcorp.
Achd an tan thangdar chum Iósa, agus do chunncadar go raibh sé cheana marbh, níor bhriseadar a luirgne:
Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach;
Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé?
Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.
Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh;
Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.
Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air. Agus do bhéaruid síad do na cineadhachduibh e do chum go ndéindís fonámhad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go grochfaidis é: achd an treas lá éiréochaidh sé a rís.
Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar Mac an duine a láimhaibh na ndáoine: Agus muirfid síad é, achd an treas lá eírochaidh sé arís. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan.
Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa. Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha. Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.
Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
Mar aithnigheas an Tathair misi, agus aithnighimsi an Tathair: agus do bheirim manam ar son na gcáorach.
Agus misi, má thóghthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin. (Achd a dubhairt sé so, dha chur a gcéill créud í an ghné bháis do gheabhadh sé.)
Achd do tholl áon do na saidiúiribh a tháobh lé gath, agus ar an mball tháinig fuil agus uisge as.
An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:
Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.
Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.
Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eadhon go bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidhne do réir na sgriobtúr;
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Gidheadh nár léige Día go ndéanuinnse mórdháil, achd as croith ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfuil an sáoghal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoghal.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;
Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.
Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh. Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.
Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa.
Agus a dubhairt sé, Abbá, a Athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi; cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa.
Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh: Ionnus gidh bé chreidfeadh ann nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bhetha shiórruidhe aige.
Is misi an tarán béo do thuirrling ó neamh: gidh bé iósas don arán so, mairfidh sé go bráth: agus an tarán do bhéura misi úaim as é mféoil féin é, do bhéura mé ar son bheatha an domháin.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh Muna bhfagha an gráinne cruithneachda thuiteas ann sa talamh bás, fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór úadh.
Agus do bhí a mhathair na seasamh a naice croiche Iósa, agus deirbhshíur a mhathar, Muire bean Chleophas, agus Muire Mhagdalén. Agus an tan do chunnairc Iósa a mhathair, agus an deisciobal dob ionmhuin leis, na seasamh a láthair, a dubhairt sé ré na mháthair, A bhean, féuch do mhac! Na dhiáigh sin a dubhairt sé ris an deisciobal, Féuch do mháthair! Agus úadh sin súas rug an deisciobal shuige féin dá thigh í.
Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!
Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.
Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion. Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne. Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso. Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris? Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith. Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin. Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.
A núair do chrochadar, na saighdiúiri Iósa, do ghlacadar a éudaighe, (agus do rinneadar ceithre cotanna, cuid do gach saighdiúir;) agus a chóta: agus do bhi an cóta gan fhugháighéul ann, ar na fhighe síos air fad. Ar a nadhbharsin a dubhradar ré chéile, Ná gearram é, achd cuiream crannchar, cía agá mbíá sé: ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a dubhairt, Do roinneadar méadaighe eatorra, agus do theilgeadar crannchar air mo chóta. Agus do rinneadar na siaghdíuírí na neithesi.
Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime. Créd do cíthear dháoibhsi? Agus ar bhfreagra dhóibhsean a dubhradar, Do thuill sé bás.
Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é: Agus tugadar íad ar mhach an photadóir, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.) Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin. Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní. A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú créd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfíadhnuisi ad aghaidh? Agus ní thug sé freagra ar éanfhocal do: ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán. Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo. Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás. Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd? Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é. Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon. Agus na cheangal dhóibh, rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an túachdarán é.
Agus go moch ar maidin ar ndéanamh comhairle dhóibh rugadar na hárdsagairt maile ris na sinnsearaibh agus ris na sgríobuidhibh agus ris an gcomhairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Phioláit é.
Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.
Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.
Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid, A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air: Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás. Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
Uadh sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileadh: achd do thógbhadar na Híudaidhe gáir, ag rádh, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú: gidh bé ní rí dhé féin labhruidh sé a naghaidh Shéasair.
Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.
Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich:
Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh.
Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar sáortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheághthoile Dé eádhon ar Nathaírne:
Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:
Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche.
Noch do fuáir bás aír ar son, ionnus, mas dúsachd nó codladh dhúinn, go mairfemís na fhochairsion.
Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó thús an domháin: achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha tré íodhbairt chúirp Iósa Críosd éunuáir amháin.
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear; Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fábháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg:
Uime sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiridhse an smuáineadh céudna na arm iomuibh: eadhon an tí dfulaing sa gcoluinn gur sguir sé ó pheacadh;
Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhiadhnuise; agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.
Oír mar do bhí Ionás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche: is mar sin bhías Mac an duine gcriodhe na talmhan tri lá agus trí oidhche.
Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá.
Ar a nadhbharsin do shanntuigheadar breith air: gidheadh níor chuir éunduine lámh ann, do bhrígh nach dtaínig a uáir fós.
Uime sin do thógbhadar clocha do chum go gcaithfidis ris íad: achd do fholuigh Iósa é féin, agus do chuáidh sé amach as an teampall, ag dul tré na lár agus do chuáidh sé thárrsa mar sin.
Ann sin fear áirighe dhíobhsan, Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhnuinsin, a dubhairt sé ríu, Ní thuigthísi ní ar bith, Agus dob ionmhuin lé Híos Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus. Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach, go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, agus gan an cineadh uile do sgrios. Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh; Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh. Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.
Ann sin ar na aithne Díosa na huile neithe do theigéumhadh dhó féin, do chuáidh sé amach, agus a dubhairt sé riú, Cía atá sibh íarruidh? Ann sin do thógbhadarsan uil gáir a rís, ag rádh, Ní hé so, achd Barabbás. Agus do badh biothamhnach an Barabbás so. Do fhreagradar é, Iósa Nasardha. A dubhairt Iósa ríu, As misi é. Agus do bhí Iúdas, noch do bhraith é, na sheasamh na bhfochuir. Ann sin mar is táosga a dubhairt sé ríu, Is misi é, do chúadar ar a gcúl, agus do thuiteadar air talamh.
Do fhreaguir Iósa, Ní bhíadh cumhachda ar bith agad oramsa, muna dtugtháoi dhuit ó neamh é: ar a nadhbharsin as móide peacadh an té do thoirbhir misi dhuit.
Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a pháisi maille lé mórán do chomharthaidhibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh féin doibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé:
Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é;
Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile:
Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda; agus ní faghthar maitheamhnas ar bith gan dórtadh fola.
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.