Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 agus dʼfhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus ag snaidhmeadh coróin spíona dóibh, chuir siad ar a chionn í, agus gas cuiscrighe ina láimh dheis. Agus ag cromadh na glúine dóibh ós a chómhair, rinne siad mhagadh faoi, ag rádh: Go mbeannuighthear duit, a Rí na n-Iúdach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus do shníomhadar coróin spíne agus do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar giolcach ’n‐a láimh dheis; agus do shléachtadar ar a nglúnaibh dhó, ag tabhairt masla dhó, g‐á rádh, Go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n-a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus rinne í a bhualadh ar a cheann agus chuir giolcach ina lámh dheas, agus tháinig ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi agus ag rá: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:29
14 Tagairtí Cros  

Nára cúis náire mé do d'aos muiníne, a Thiarna Dia na slua. Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat, a Dhia Iosrael.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.


ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.


Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine.


agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”


Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.


Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”


Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.


Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí