Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:

2 agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.

3 Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh,

4 Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige.

5 Agus do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh agus do chroch sé é féin.

6 Agus do thóg uachtaráin na sagart na deich bpíosaí fichead airgid, agus adubhradar, Ní dleaghthach iad do chur sa gciste, mar is airgead fola iad.

7 Agus do ghlacadar cómhairle le chéile, agus do cheannuigheadar leo gort an chriadóra, chum coimhighthigh d’adhlacadh ann.

8 Ar an adhbhar sin do glaodhadh, gort na fola, ar an ngort úd, go dtí an lá indiu.

9 Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel;

10 agus thugas iad ar ghort an chriadóra, mar d’órduigh an Tighearna dhom.

11 Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é.

12 Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal.

13 Annsin adubhairt Píoláid leis, Nach gcluineann tú an méid fiadhnaise atá aca san d’á chur id’ leith?

14 Agus ní thug sé freagra ar bith ortha: i dtreo go raibh iongnadh mór ar an riaghaltóir.

15 Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo.

16 Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas.

17 Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?

18 Óir do bhí a fhios aige gur le formad thugadar ar láimh é.

19 Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.

20 Do spreag uachtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluagh, ámh, chum Barabbas d’iarraidh, agus chum Íosa do chur chum báis.

21 Acht d’fhreagair an riaghaltóir agus adubhairt sé leo, Cia aca de’n bheirt is áil libh go scaoilfinn chugaibh? Agus adubhradar, Barabbas.

22 Adubhairt Píoláid leo, Agus créad do‐ghéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Adubhradar uile, Céastar é.

23 Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é.

24 Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige.

25 Agus d’fhreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a chuid fola!

26 Annsin do scaoil sé saor chuca Barabbas: acht do sciúrsál sé Íosa agus thug sé suas é chum a chéasta.

27 Annsin rug saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leo isteach sa bpálás, agus do chruinnuigheadar chuige an bhuidhean iomlán.

28 Agus do bhaineadar na h‐éadaighe dhe, agus do chuireadar brat corcra air.

29 Agus do shníomhadar coróin spíne agus do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar giolcach ’n‐a láimh dheis; agus do shléachtadar ar a nglúnaibh dhó, ag tabhairt masla dhó, g‐á rádh, Go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach!

30 Agus do chaitheadar seilí air, agus do ghlacadar an giolcach agus do bhuaileadar sa gceann leis é.

31 Agus nuair do bhí an magadh déanta aca, do bhaineadar an brat de, agus do chuireadar a chuid éadaighe féin air, agus do threoruigheadar amach é chum a chéasta.

32 Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó.

33 Agus nuair thángadar go h‐áit ar a dtugtar Golgotá, is é sin, áit cloiginn,

34 thugadar dó fíon le n’ól agus domblas measctha leis: agus nuair do bhlais sé é ní ólfadh sé é.

35 Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air.

36 Agus do chuireadar os a chionn teideal a chúise i scríbhinn,

37 IS É SEO ÍOSA RÍ NA nIÚDACH.

38 Annsin do céasadh mar aon leis beirt bhitheamhnach, duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé.

39 Agus na daoine do ghabhadh thairis thugadar masla dhó, ag crothadh a gceann,

40 agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich.

41 Ar an gcuma chéadna do bhí uachtaráin na sagart mar aon leis na scríobhaidhthibh agus leis na seanóiribh,

42 bhíodar ag magadh faoi, g‐á rádh, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Is é Rí Israel é; tigeadh sé anuas ó’n gcroich, agus creidfimíd ann.

43 Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé.

44 Agus na bitheamhnaigh do bhí d’á gcéasadh mar aon leis, thugadar‐san an masla céadna dhó.

45 Agus ó’n sémhadh h‐uair do leath dorchadas ar an tír go léir go dtí an naomhadh h‐uair.

46 Agus timcheall na naomhadh h‐uaire do ghlaodh Íosa amach de ghuth árd, g‐á rádh, Élí, Elí, lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréig tú mé?

47 Agus ar n‐a chlos sin do chuid díobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, adubhradar, Is ag glaodhach ar Élias atá sé sin.

48 Agus ar an láthair do rith duine aca, agus ag glacadh spuinnc dó, do líon sé de bhínéagra é, agus chuir sé ar bhárr giolcaigh é, agus thug sé le n’ól dó é.

49 Agus adubhairt an chuid eile, Leig dó; feicimís an dtiocfaidh Élias g‐á shaoradh.

50 Agus d’éighimh Íosa arís de ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.

51 Agus féach, do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun; agus do luasc an talamh; agus do scoilt na carraigeacha;

52 agus do foscladh na tuamaí; agus d’éirigh mórán de chorpaibh na naomh do bhí n‐a gcodladh;

53 agus ag teacht amach as na tuamaibh dóibh tar éis a aiséirighthe, do chuadar isteach sa gcathair naomhtha, agus d’fhoillsigheadar iad féin do mhórán.

54 Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,

55 agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air:

56 ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais agus Iósés, agus máthair clainne Sebedé.

57 Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig duine saidhbhir ó Arimatéa darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa:

58 do chuaid an duine sin chum Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air, agus d’órduigh Pioláid an corp do thabhairt dó.

59 Agus do ghlac Seosamh an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é,

60 agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé.

61 Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus an Mháire eile ann, ’n‐a suidhe os cómha ir an tuama.

62 Agus lá ar n‐a bhárach, an lá tar éis an Ullmuighthe, do bhí uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cruinnighthe le chéile i láthair Phioláid, agus adubhradar,

63 A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís.

64 Tabhair órdú, d’á bhrigh sin, gárda do chur ar an tuama go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtiocfadh a dheisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróchaidís leis na daoinibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh: agus ba mheasa an feall deireannach ’ná an chéad fheall.

65 Adubhairt Píoláid leo, Atá gárda agaibh: imthighidh, daingnighidh é mar is eol daoibh.

66 D’imtigheadar‐san, agus do dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus an gárda ’n‐a bhfochair.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí