Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 27:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus i ndiaidh é a bheith céasta acu, roinn siad a chuid éadaigh eatortha, ag caitheamh crann ortha; ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt: Roinn siad mo chuid éadaigh eatortha, agus ar mo chulaith chaith siad crainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh agus chuireadar as chrannaibh mo chuid éadaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:35
10 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.


Agus nuair adubhairt sé sin, do nocht sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus ba mhór an t‐áthas do bhí ar na deisceablaibh, nuair chonnacadar an Tighearna.


Agus adubhairt na deisceabail eile leis, Do chonnacamar an Tighearna. Acht adubhairt seisean leo, Muna bhfeicim ’n‐a lámhaibh rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo mhéar isteach i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo lámh isteach ’n‐a thaobh, ní chreidfead.


Adubhairt sé annsin le Tomás, Cuir do mhéar annso, agus féach mo lámha; agus sín annso do lámh, agus cuir isteach im’ thaobh í: agus ná bí díchreidmheach, acht bí creidmheach.


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


bíodh a fhios agaibh go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasardha, an té do chrochabhair‐se, an té do thóg Dia ó na marbhaibh, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a sheasamh slán os bhúr gcómhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí