Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus dʼfhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus sheasuigh Íosa i láthair an uachtaráin, agus d’fhiafruigh an t-uachtarán de, ag rádh: An tusa Rí na n-Iúdach? Deir Íosa leis: Deir tú é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus dʼfhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:11
11 Tagairtí Cros  

agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.


Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!


agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh.


Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é.


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus adubhairt Íosa, Is mé: agus do‐chífidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar láimh dheis na cumhachta, agus é ag teacht le scamallaibh neimhe.


Agus adubhairt seisean leo, Adeir sibh é, gur mé.


Órduighim duit i bhfiadhnaise Dé, do‐bheir beatha do’n uile nidh, agus i bhfiadhnaise Íosa Críost do rinne admháil mhaith i láthair Phoint Phíoláid,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí