Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 27:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus nuair do bhí an magadh déanta aca, do bhaineadar an brat de, agus do chuireadar a chuid éadaighe féin air, agus do threoruigheadar amach é chum a chéasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Agus i ndiaidh magadh a dhéanamh faoi, bhain siad an fhallaing de, agus chuir air a chuid éadaigh féin, agus rug leo chun a chéasta é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é cun é chéasadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:31
12 Tagairtí Cros  

agus do‐bhéarfaid do na Geintibh é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasadh: agus, an treas lá éireochaidh sé arís.


Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amach as an bhfíonghort é, agus do mharbhadar é.


Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.


Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh.


Annsin thug sé dhóibh é le crochadh.


Annsin adubhairt sé leis an deisceabal, Is ise do mháthair! Agus ó’n uair sin amach thug an deisceabal chum a theaghlaigh féin í.


agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do ghabhadar de chlochaibh air: agus do leag na fiadhnaidhthe a mbrait ag cosaibh fir óig darbh ainm Saul.


Ar an adhbhar sin d’fhulaing Íosa, leis, taobh amuigh de’n gheata, chum go naomhóchadh sé an pobal le n‐a fhuil féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí