Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Agus ar dhul amach dóibh, fuair siad fear as an Chuiréin, darbh ainm Síomon; thug siad air-sean a chros d’iomchar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an nduine sin dul leó agus a chros d’iompur.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Sa tslí amach dóibh, casadh fear Círéineach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad dʼfhiacha air seo a chros a iompar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d'fhiacha air seo a chros a iompar.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:32
17 Tagairtí Cros  

Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise.


Agus cibé duine chuirfeas d’fhiachaibh ort míle do shiubhal, siubhail dhá mhíle leis.


Agus do bhí duine darbh ainm Síomón Curénéach ag gabháil thairis, athair Alecsandair agus Rúfuis, tháinig isteach ó’n tuaith, do chuireadar d’fhiachaibh air‐sean an chroch d’iomchur dó.


Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa.


Rugadar Íosa, d’á bhrigh sin: agus d’imthigh sé amach, ag iomchar a chroise dhó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Chloiginn, d’á ngoirthear Golgotá i nEabhrais:


Acht do bhí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair tháinig siad go h‐Antuaigh, do labhair siad leis na Gréagachaibh féin, ag innsint soiscéil an Tighearna Íosa.


Agus san eaglais do bhí i nAntuaigh do bhí fáidhe agus teagascóirí, ar a raibh Barnabas, agus Símeon Dubh, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Churéné, agus Manaén cómhdhalta Ioruaith tetrarcha, agus Saul.


i bhFrigia agus i bPamfilia, san Éigipt agus i gcríocaibh Libia atá timcheall Chiréné, agus coimhighthigh ó’n Róimh, idir Iúdachaibh agus phrosélíteachaibh,


Acht d’éirigh aicme de lucht na sionagóige ar a dtugadh aicme na Libertíneach, agus na gCurénach, agus na nAlecsandrianach, agus daoine ó Chilicia agus ó’n Áise, agus do bhíodar ag caismirt le Stiofán.


agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do ghabhadar de chlochaibh air: agus do leag na fiadhnaidhthe a mbrait ag cosaibh fir óig darbh ainm Saul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí