Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Acht ar fheiceáil do Phioláit nach raibh ag éirghe leis, acht ina áit sin, go raibh gleo dá thógáil, ghlac sé uisce, agus nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an phobail, ag rádh: Tá mé neimh-chionntach i bhfuil an fhir chóir seo; oraibh féin a bíodh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní, achd gur mó an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige, do ionnail sé a lámha a bhfíadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi neimhchiontach ó fhuil an fhiréanuigh so: féuchuidhsi dhibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Nuair a chonaic Píoláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibh-se chuige.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:24
16 Tagairtí Cros  

Acht adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh toirmeasc i measc an tsluaigh.


Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.


Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é.


Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,


Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel;


Adubhairt Síomón Peadar leis, A Thighearna, nár ab iad mo chosa amháin acht mo lámha agus mo cheann, chómh maith.


Agus do chuaidh Píoláid amach arís, agus adubhairt sé leo, Féach, atáim g‐á thabhairt amach chugaibh, chum go dtuigfidh sibh nach bhfaghaim coir ar bith ann.


Do shéanabhar an t‐Aon Naomhtha Fíréanta, agus d’iarrabhar dúnmharbhthóir do thabhairt daoibh,


Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann.


Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí