Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh agus do chroch sé é féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus dʼimigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ar chaitheamh na bpíosaí airgid uaidh san teampall dó, chuaidh sé ar shiubhal; agus d’imthigh sé, agus chroch sé é féin le h-adhastar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus dʼfhág an áit, dʼimigh sé leis agus chroch é féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:5
12 Tagairtí Cros  

Adubhairt an fear so, Atá ar chumas damh‐sa teampall Dé do leagadh, agus a thógáil arís i gceann trí lá.


Agus do thóg uachtaráin na sagart na deich bpíosaí fichead airgid, agus adubhradar, Ní dleaghthach iad do chur sa gciste, mar is airgead fola iad.


Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall.


de réir gnáta a ranna, gur thuit sé de chrann air, de réir nóis na sagart, dul isteach i sanctóir an Tighearna agus an túis do dhóghadh ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí