Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.” Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Ag rádh: Pheacuigh mé, óir bhraith mé fuil neamh-choirtheach. Acht dubhairt siad-san: Cad é sin dúinne. Ort féin a bíodh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh. Achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? Féuch féin dó sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamh-chiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:4
33 Tagairtí Cros  

Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,


Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é.


Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith.


Agus nuair do chonnaic an ceanntúir créad tharla, thug sé glóir do Dhia, g‐á rádh, Go deimhin ba fíréan an fear so.


D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Atá dlighe againn, agus de réir na dlighe sin atá an bás tuillte aige, de bhrigh go ndearna sé Mac Dé dhe féin.


Agus bíodh nach bhfuaradar aon choir do thuill bás ann, d’iarradar ar Phíoláid go gcuirfidhe é chum báis.


Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:


tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg;


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


Óir is é a theastuigh uainn a leithéid d’árd‐shagart atá naomhtha, gan cionnta, gan smál, d’á dhealú ó pheacachaibh,


acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost:


ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta.


Agus déanfaidh lucht áitreabha na talmhan gáirdeachas os a gcionn; agus cuirfidh siad tabhartaisí chum a chéile, de bhrigh gur chiapuigh an bheirt fháidh lucht áitreabha na talmhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí