Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus bhí aige san am sin príosúnach iomráidhteach, darbh ainm Barabbas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:16
9 Tagairtí Cros  

Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo.


Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?


Agus do bhí duine darbh ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnmharbhadh sa gceannairc.


Agus do scaoil sé saor an duine do cuireadh i bpríosún mar gheall ar cheannairc agus ar dhúnmharbhadh, an duine d’iarradar; acht thug sé Íosa dhóibh chun a dtoil d’imirt air.


Annsin do liúghadar uile go léir amach arís, Ná scaoil saor an duine seo, acht Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.


Do shéanabhar an t‐Aon Naomhtha Fíréanta, agus d’iarrabhar dúnmharbhthóir do thabhairt daoibh,


daoine, gidh gur ab eol dóibh breith Dé, is é sin go dtuilleann a leithéidí bás, ní h‐é amháin go ndéanann siad féin iad, acht go n‐aon‐tuigheann siad leis an dream do‐ghní iad.


Beannuighidh d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cómh‐bhraighdeáin liom, daoine go bhfuil árd‐chlú ortha i measc na n‐abstal, agus do bhí i gCríost rómham‐sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí