Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Agus chaith siad a seile air, agus rug siad ar an ngiolcach agus bhuail siad léi ar an gceann é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus chaith siad seileogaí air, rug greim ar an chuiscrigh, agus bhuail siad a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus do chaitheadar seilí air, agus do ghlacadar an giolcach agus do bhuaileadar sa gceann leis é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Agus chaith siad seilí air agus bhí siad dá bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:30
12 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.


Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.


Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma - ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)


ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.


Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.


Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t‑am fadó.


Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é


Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”


Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.


Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí