Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:51 - An Bíobla Naofa 1981

51 Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Agus bʼshiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus féach, réabadh brat an teampaill ina dhá chuid ó bhárr go bun, agus chraith an talamh, agus scoilteadh na carraigeacha,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus féach, do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun; agus do luasc an talamh; agus do scoilt na carraigeacha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:51
26 Tagairtí Cros  

Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.


Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad.


Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d'fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir, agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;


labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.


ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”


Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.


Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah


Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.


An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”


Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.


Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr.


Réabadh brat an Teampaill ina lár.


Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.”


Is cosúil le hancaire daingean docht dár n‑anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín


Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.


Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.


Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí