Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d'fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, go mba é sin an mana saighdiúra a bheas agaibh, ó tá an té a dʼfhulaing sa cholainn tar éis cur suas don pheaca,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á bhrigh sin, ó thárla gur fhulaing Críost san bhfeoil, bíodh an aigne chéadna sin mar arm agaibh; óir an té d’fhulaing san bhfeoil, atá sé scartha le peacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiridhse an smuáineadh céudna na arm iomuibh: eadhon an tí dfulaing sa gcoluinn gur sguir sé ó pheacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibh-se, an té a dʼfhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 4:1
17 Tagairtí Cros  

Nígí, glanaigí sibh féin. Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc. Éirigí as an olc a dhéanamh!


Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.


Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.”


Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.


Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann?


Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca.


agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.


Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.


Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.


Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”


Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:


Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.


óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin.


Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.


Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí